Skip to content

Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh

Tá Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh freagrach as comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais agus straitéisí frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh.

Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta reatha an Aontais Eorpaigh

Is é Bartjan Wegter Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta reatha an Aontais. Ceapadh Bartjan Wegter, taidhleoir sinsearach ón Ísiltír, i mí Feabhra 2024 agus chuaigh sé i mbun oifige go hoifigiúil an 1 Márta 2024, le haghaidh téarma 5 bliana.

25 bliana de thaithí sa taidhleoireacht agus sa tslándáil ag Bartjan Wegter agus bhí príomhróil aige i Misean na hÍsiltíre chuig na Náisiúin Aontaithe agus ECAT, i nGníomhaireacht Faisnéise Cosanta na hÍsiltíre agus in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus d’oibrigh sé in UNHCR freisin.

Tógadh Bartjan Wegter sa Bhruiséil agus tá céim mháistreachta aige san Eolaíocht Pholaitiúil ó Ollscoil Leiden agus máistreacht i nGnóthaí Eorpacha ó Choláiste na hEorpa. Leis an saineolas atá aige ar shlándáil an Aontais agus ar an gcomhar idirnáisiúnta, neartaítear iarrachtaí frithsceimhlitheoireachta an Aontais, agus cinntítear go bhfuil siad ailínithe le cearta bunúsacha.

Cruinneog ar a bhfuil línte buí a léiríonn bealaí taistil, agus pas, méarlorg agus carn bonn óir a bhfuil réaltaí gorma timpeall uirthi.
Bartjan Wegter – Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais

Príomhfhreagrachtaí an Chomhordaitheora

Tá ról lárnach ag Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais maidir le freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht a cheapadh.

Oibríonn an Comhordaitheoir go dlúth leis na Ballstáit chun a chinntiú go mbeidh freagairt frithsceimhlitheoireachta an Aontais éifeachtach agus ailínithe le cearta agus luachanna bunúsacha, rud a chothóidh cur chuige aontaithe Eorpach.

Stiúrann an Comhordaitheoir iarrachtaí chun creat slándála an Aontais a neartú tríd an sceimhlitheoireacht a chosc, trí chomhordú a fheabhsú agus trí chomhairle a thabhairt maidir le beartais éifeachtacha.

Bíonn an Comhordaitheoir i dteagmháil leis na Ballstáit, le tríú tíortha agus le hinstitiúidí an Aontais, tacaíonn sé le comhar agus comhroinnt faisnéise agus cuireann sé comhairle straitéiseach beartais ar fáil trí bhagairtí atá ag teacht chun cinn a thuar.

Príomhchúraimí

Comhairle a chur ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais

Treoir straitéiseach a chur ar fáil, meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus an lucht déanta cinntí a thabhairt cothrom le dáta maidir le bagairtí atá ag teacht chun cinn.

Tacú le forfheidhmiú an dlí agus leis an bhfaisnéis

Oibriú i gcomhar le Europol, Eurojust agus Frontex chun comhar trasteorann maidir le comhroinnt faisnéise a neartú.

Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme beartais

Bearnaí a shainaithint, dul chun cinn a rianú agus feabhsuithe ar bhearta frithsceimhlitheoireachta an Aontais a mholadh.

An comhar idirnáisiúnta

Naisc le tríú tíortha a neartú agus páirt a ghlacadh i bhfóraim frithsceimhlitheoireachta dhomhanda.

Taighde agus nuálaíocht

Comhoibriú le saineolaithe, leis an saol acadúil agus leis an earnáil phríobháideach maidir le radacú, maoiniú, cibearbhagairtí agus réitigh nua slándála.

Feasacht an phobail

Teagmháil a dhéanamh leis na meáin, leis an tsochaí shibhialta agus le seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh chun tionscnaimh frith-antoisceachais a chur chun cinn.

An méid a baineadh amach le déanaí

Tá ról lárnach ag Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais maidir le beartas slándála an Aontais a cheapadh agus freagairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Seo roinnt samplaí de ghníomhaíochtaí a rinneadh le blianta beaga anuas chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Plean gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta na hAfganastáine (2021)

Tá bearta curtha i dtoll a chéile ag an gComhordaitheoir chun rioscaí sceimhlitheoireachta don Aontas a thuar agus chun aghaidh a thabhairt orthu ag eascairt as an Talaban cumhacht a ghabháil san Afganastáin.

Antoisceachas foréigneach na heite deise (2019)

D’eisigh an Comhordaitheoir plépháipéar maidir le sceimhlitheoireacht na heite deise a chomhrac san Aontas, ina tugadh treoir na hairí ceartais agus gnóthaí baile chun teacht ar chomhaontú maidir le ceithre phríomhréimse gníomhaíochta.

Freagairt ar ionsaithe san Eoraip (2015 – ar siúl go fóill)

Tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta 2015 i gcoinne na hirise aoraí Charlie Hebdo i bPáras, mhol an Comhordaitheoir sraith beart i sé réimse tosaíochta: radacú a chosc, bainistiú teorainneacha, malartú faisnéise, comhar breithiúnach, rialú arm tine agus an nasc idir an tslándáil inmheánach agus an tslándáil sheachtrach. Mar thoradh air sin, rinne an tAontas gníomhaíochtaí comhordaithe, lena n-áirítear seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais i mbunachair sonraí atá ábhartha do chomhrac na sceimhlitheoireachta.

Trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta (2013 – ar siúl go fóill)

Mhol an Comhordaitheoir 22 bheart chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na dtrodaithe sceimhlitheoireachta eachtracha i sé réimse tosaíochta: tuiscint níos fearr ar an bhfeiniméan, radacú a chosc, taisteal dar cuspóir amhrasach a bhrath, imscrúdú agus ionchúiseamh, fillithe, agus comhar le tríú tíortha. D’fhormhuinigh an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile na bearta sin agus d’iarr an Chomhairle Eorpach go gcuirfí dlús lena gcur chun feidhme.

An uair a bunaíodh an ról agus na daoine a raibh an ról sin acu roimhe seo

Bunaíodh ról Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais tar éis na hionsaithe i Maidrid in 2004, chun ceannaireacht agus tacaíocht a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit i gcomhrac na sceimhlitheoireachta.

  1. 1

    Gijs de Vries (2004-2007)

  2. 2

    Gilles de Kerchove (2007-2021)

  3. 3

    llkka Salmi (2021-2024)

  4. 4

    Bartjan Wegter (2024-faoi láthair)

Féach freisin

Léaráid i bhfoirm stílithe a léiríonn an choireacht eagraithe, ar a dtaispeántar téada trasnacha gréasáin damháin alla marcáilte le cártaí fianaise ó láthair na coire agus uimhir orthu, agus geimheal, gloine formhéadúcháin, agus mála airgid ar chúlra gorm geal thart ar an ngréasán.
Comhrac an Aontais ar an gcoireacht eagraithe

Comhrac an Aontais ar an gcoireacht eagraithe

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

Smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

Smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Márta 2026