Skip to content

Smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

Is gá díriú ar líonraí coiriúla a dhéanann dúshaothrú ar imircigh leochaileacha ní hamháin chun smuigleáil imirceach a chomhrac, ach chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac freisin.

An smuigleáil imirceach a chomhrac

Tá forbairt shuntasach tagtha ar an smuigleáil imirceach ó thosaigh géarchéim na himirce in 2015. Déanann os cionn 90% de na himircigh neamhrialta íocaíocht le smuigléirí agus iad ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach, dar le Europol agus Interpol. Is gnó fíorbhrabúsach é sin do líonraí coiriúla agus is beag an baol a bhíonn ann go mbéarfar orthu.

Meastar go ngineann smuigleáil imirceach láimhdeachas bliantúil idir €4.7 billiún agus €6 bhilliún ar fud an domhain.

Tá gníomhaíocht chinntitheach déanta ag an Aontas chun díriú ar líonraí coiriúla a dhéanann dúshaothrú ar imircigh leochaileacha. Shainaithin an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla éascú na himirce neamhrialta a chomhrac mar cheann de na tosaíochtaí don tréimhse 2022 go dtí 2025.

In 2022, mar thoradh ar ghníomhaíocht chomhordaithe na mBallstát:

• gabhadh 3 646 dhuine

• rinneadh 3 285 imscrúdú

• urghabhadh €2 267 655 in airgead tirim

• urghabhadh na mílte doiciméad calaoiseach

Reachtaíocht an Aontais maidir le smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac

I mí na Samhna 2023, ghlac an Coimisiún Eorpach dhá thogra reachtacha chun smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac.

Treoir maidir le rialacha íosta chun smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac a bhí sa chéad cheann. Cuirtear san áireamh ar a cuid spriocanna:

ionchúiseamh líonraí smuigleála a dhéanamh níos éifeachtaí

an sainmhíniú ar smuigleáil mar chion

a shoiléiriúpionóis a chomhchuibhiú

Rialachán maidir le comhar póilíneachta a bhí sa dara ceann. I measc na haidhmeanna atá aige, tá

ról Europol maidir le smuigléireacht imirceach a chomhrac a threisiú

comhroinnt sonraí a neartú, sonraí bithmhéadracha san áireamh, i measc na mBallstát agus le Europol

An 19 Meitheamh 2024, tháinig ionadaithe Bhallstáit an Aontais (Coreper) ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta na Comhairle le haghaidh rialachán chun ról Europol maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac a threisiú.

I mí Mheán Fómhair 2025, tháinig idirbheartaithe Uachtaránacht na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le Europol a neartú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit chun an smuigleáil imirceach agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac.

Obair an Aontais chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

Thar na blianta, d’fhorbair an tAontas agus a Bhallstáit freagairt níos láidre, níos forbartha ar gháinneáil ar dhaoine, ag díriú ar phóilíneacht agus ar chosc.

Glacadh an treoir maidir le frithgháinneáil in 2011 agus baintear leas as prótacal na Náisiún Aontaithe chun gáinneáil ar dhaoine a chosc, a chur faoi chois agus pionós a ghearradh ina leith, agus baintear leas as coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le gníomhaíocht in aghaidh gáinneáil ar dhaoine.

Aithnítear ann nach coir amháin í an gháinneáil ar dhaoine; is sárú ar chearta an duine é, agus go bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit íospartaigh a chosaint beag beann ar a dtír thionscnaimh.

Cuirtear rialacha níos déine ar fáil sa treoir freisin chun déileáil le gáinneáil ar leanaí. Ní mór do na Ballstáit cúnamh agus rochtain ar oideachas a chur ar fáil d’íospartaigh uile gáinneála ar leanaí iad.

I mí an Mheithimh 2024, chinn an tAontas an dúshaothrú máthairionadaíochta, pósadh éigeantais agus uchtú neamhdhleathach a chur le dlí frithgháinneála an Aontais mar chineálacha dúshaothraithe a chumhdaítear leis. Ina theannta sin, is cion coiriúil atá inphionóis le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha feasta é úsáid a bhaint go feasach as seirbhís a sholáthraíonn íospartach gáinneála.

In 2022, cláraíodh 10 093 íospartach gáinneála ar dhaoine san Aontas agus 2 097 ngáinneálaí ciontaithe. In 2023, sainaithníodh 7 500 íospartach faoi ardán an Aontais chun an choireacht eagraithe thromchúiseach a chomhrac (EMPACT), agus tuairiscíodh 457 ngabháil.

Obair an Aontais chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

Gach bliain, sainaithnítear na mílte duine mar íospartaigh gáinneála ar dhaoine san Aontas. Is iomaí beart atá glactha ag an Aontas agus na Ballstát chun an choir uafásach sin a chomhrac agus tá dlús á chur acu lena n-iarrachtaí.

Dhá scáthchruth mná mar a bheadh scáthán i smidiríní agus scáthchruth fir os comhair cúlra corcra.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2026