Skip to content

Amlíne: Comhar an Aontais maidir le slándáil agus cosaint

  • 2009

    1 Nollaig

    Teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin. An comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) tagtha i gcomharbas ar BSCE

    Conradh Liospóin, a síníodh in 2007, tagtha i bhfeidhm, lena ndearnadh BSCE a athainmniú mar an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC). Déantar foráil ann maidir le cruthú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí. Toscaireachtaí de chuid an Choimisiúin i dtíortha lasmuigh den Aontas ina dtoscaireachtaí de chuid an Aontais feasta.

  • 2004

    12 Iúil

    Bunú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

    Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gComhairle Eorpach cumais chosanta na hEorpa i réimse na bainistíochta géarchéime a fheabhsú agus chun CBSC a chothú.

  • 2003

    12 Nollaig

    Glacadh Straitéis Slándála na hEorpa

    Ag an gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil, glacadh Straitéis Slándála na hEorpa. Tá mar aidhm leis an doiciméad seo Eoraip shlán i saol níos socra a bhaint amach, na bagairtí atá ann don Aontas a shainaithint, a cuspóirí straitéiseacha a shainmhíniú agus na himpleachtaí polaitiúla don Eoraip a leagan amach.

  • 2002

    16 Nollaig

    Síniú Beirlín Plus

    Déantar na socraíochtaí dá ngairtear Beirlín Plus a shíniú, lena gceadaítear struchtúir, sásraí agus sócmhainní ECAT a úsáid chun misin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a sheoladh.

  • 1999

    3 Meitheamh

    Seoladh an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC)

    Ag an gComhairle Eorpach in Köln, chinn AE15 an comhbheartas eachtrach agus slándála a atreisiú.

  • 1991

    9 Nollaig

    An bhunchloch le haghaidh comhbheartas eachtrach agus slándála leagtha síos

    Ag an gComhairle Eorpach in Maastricht, leagadh síos an bhunchloch le haghaidh Aontas polaitiúil trí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) a cheapadh agus le tús a chur le comhbheartas cosanta a bhunú, mar an dara colún de Chonradh Maastricht.

    Síníodh an téacs i mí Feabhra 1992 agus tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 1993.