Skip to content

Seimeastar Eorpach 2018

  • 1 Eanáir

    Ar an leathanach seo, tá amlíne na n-imeachtaí mar aon leis na doiciméid a bhaineann le Seimeastar Eorpach 2018 agus iad in ord cróineolaíoch tuathail.

  • 2018

    2 Deireadh Fómhair

    Próiseas faireacháin beartas an tSeimeastair Eorpaigh á phlé ag an gComhairle

    I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó bhearta 2018, phléigh airí airgeadais próiseas faireacháin beartas an tSeimeastair Eorpaigh ag a gcruinniú ar an 2 Deireadh Fómhair 2018.

    Phléigh na hairí conas a d'fhéadfaí próiseas agus toradh an tSeimeastair Eorpaigh a fheabhsú. Is é sin le rá:

    • conas leibhéal cur chun feidhme moltaí tír-shonracha a fheabhsú
    • conas plé iltaobhach a chothú, i gcreat chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, chun comhthuiscint a fhorbairt maidir leis na tograí a bhaineann le moltaí tír-shonracha.
  • 2018

    13 Iúil

    Moltaí tír-shonracha don bhliain 2018 glactha go foirmiúil ag an gComhairle

    Rinne an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na moltaí tír-shonracha don bhliain 2018 a ghlacadh go foirmiúil ag an gcruinniú a bhí aici ar an 13 Iúil 2018. Ba é seo céim dheiridh an tSeimeastair Eorpaigh 2018.

    Is é cuspóir foriomlán mholtaí na bliana seo na Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as an móiminteam dearfach eacnamaíoch atá ann faoi láthair d'fhonn athléimneacht a ngeilleagar a neartú a thuilleadh.

  • 2018

    28 Meitheamh

    Moltaí tír-shonracha formhuinithe ag an gComhairle Eorpach

    Ina gconclúidí, d'fhormhuinigh ceannairí na mBallstát na moltaí tír-shonracha mar a phléigh an Chomhairle iad, rud a d'fhág go bhféadfaí bailchríoch a chur ar Sheimeastar Eorpach 2018. Chuir siad i bhfios go láidir "gur cheart leas a bhaint as dea-staid reatha an gheilleagair mar threise leis an athchóiriú."

  • 2018

    22 Meitheamh

    Moltaí tír-shonracha i leith na mBallstát formheasta ag an gComhairle

    Ar an 22 Meitheamh 2018, d'fhormheas an Chomhairle dréachtmholtaí agus tuairimí maidir le beartais eacnamaíocha agus beartais fhioscacha na mBallstát do 2018.

  • 2018

    23 Bealtaine

    Dréachtmholtaí tír-shonracha don bhliain 2018 eisithe ag an gCoimisiún Eorpach

    D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach na tograí le haghaidh dréachtmholtaí ón gComhairle do gach Ballstát le haghaidh 2018.

    Nuair a bheidh plé déanta ar na moltaí atá beartaithe agus iad glactha ag an gComhairle, beifear ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit iad a léiriú ina mbeartais náisiúnta sna 12 mhí amach romhainn.

  • 2018

    25 Bealtaine

    Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le grinn-athbhreithnithe a dhéanamh in 2018, agus athbhreithniú déanta ar chur chun feidhme na moltaí a rinneadh in 2017

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis na torthaí ar na grinn-athbhreithnithe a rinneadh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Tá athbhreithniú freisin sna conclúidí ar chur chun feidhme na moltaí tír-shonracha ón mbliain 2017.

  • 2018

    22 Márta

    Beartais tosaíochta 2018 formhuinithe ag an gComhairle Eorpach

    D'fhormhuinigh ceannairí na mBallstát na réimsí tosaíochta beartas den Suirbhé Bliantúil Fáis agus d'iarr siad ar na Ballstáit iad sin a léiriú sna cláir náisiúnta um athchóiriú agus sna cláir um chobhsaíocht nó um chóineasú atá le teacht uathu. D'fhormhuinigh siad freisin an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

  • 2018

    13 Márta

    Plé déanta ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais ar na tuarascálacha de réir tíre agus na grinn-athbhreithnithe

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na tuarascálacha de réir tíre agus na grinn-athbhreithnithe faoin Seimeastar Eorpach. Déantar scrúdú sna tuarascálacha de réir tíre ar an staid eacnamaíoch i 27 mBallstát. Sna grinn-athbhreithnithe, déantar measúnú ar 12 Bhallstát faoi nós imeachta an Aontais maidir le míchothromaíochtaí eacnamaíocha.

  • 2018

    12 Márta

    Digitiú an gheilleagair

    Ag an gComhairle Iomaíochais, pléadh digitiú gheilleagar an Aontais i gcomhthéacs thimthriall an tseimeastair Eorpaigh.

    Leag na hairí béim ar roinnt tosaíochtaí i réimse an athchóirithe struchtúrtha, a bhfuil gá leo ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta má táthar le tairbhe iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach.

  • 2018

    23 Eanáir

    Conclúidí eisithe ag an gComhairle i dtaca le treoir mhaicreacnamaíoch agus fhioscach agus leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh

    Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais conclúidí maidir le treoir mhaicreacnamaíoch agus fhioscach do na Ballstáit agus leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh do 2018.

    D'eisigh sí moladh freisin maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

  • 2017

    22 Samhain

    Doiciméid i ndáil le Seimeastar Eorpach 2018 faighte ag an gComhairle

    D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach 'pacáiste an Fhómhair', doiciméid a bhaineann le Seimeastar Eorpach 2018. Tá an pacáiste bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíochta an fhómhair 2017 ón gCoimisiún, agus cuireann sé leis na tosaíochtaí atá in aitheasc Uachtarán an Choimisiúin ar staid an Aontais Eorpaigh.

    An suirbhé bliantúil fáis don bhliain 2018

    Leagtar amach sa suirbhé na tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta nach mór don Aontas Eorpach ina iomláine agus do na Ballstáit díriú orthu in 2018.

    Iarrtar ar na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht, agus cur leis an táirgiúlachtagus leis an bhfás fadtéarmach. Molann an Coimisiún go ndéanfaí athchóirithe struchtúrtha breise chun geilleagar an Aontais a dhéanamh níos cobhsaí, níos cuimsithí, níos táirgiúla agus níos athléimní.

    Dréacht‑tuarascáil chomhpháirteach fostaíochta

    Úsáidtear an Scórchlár Sóisialta, lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht na mBallstát ar bhonn 14 tháscaire ceannlíne, i ndréacht-tuarascáil chomhpháirteach fostaíochta na bliana seo. Cuirtear san áireamh ann freisin na hathchóirithe beartais náisiúnta i leith na n-uaillmhianta atá leagtha síos i gcolún Eorpach na gceart sóisialta.

    ráta dífhostaíochta an Aontais ag titim i gcónaí agus é ag 7.5 % (8.9 % sa limistéar euro) i mí Mheán Fómhair 2017 - an leibhéil is ísle ó 2008 i leith.

    Tuarascáil 2018 maidir leis an sásra foláirimh

    Is leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh a chuirtear tús leis an nós imeachta don mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch. Is é is aidhm dó míchothromaíochtaí ba bhac ar fheidhmiú cuí gheilleagar an Aontais a shainaithint, agus, más gá, aghaidh a thabhairt orthu.

    In 2018, tá sé de rún ag an gCoimisiún grinn-athbhreithnithe a chur i gcrích i 12 Bhallstát: An Bhulgáir, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an tSualainn.

    Dréachtmholadh don limistéar euro don bhliain 2018

    Molann an Coimisiún staid fhioscach a bheadh neodrach, a bheag nó a mhór, chomh maith le meascán cothromaithe beartais, don limistéar euro ina iomláine chun tacú leis an infheistíocht agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an airgeadais phoiblí. Iarrtar freisin ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid iarrachtaí bearta a chur chun feidhme d'fhonn dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach cánach.

    Moltar freisin go dtabharfaí isteach beartais a thacaíonn le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus a chuireann le hathléimneacht, le hathchothromú agus le cóineasú. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit dul chun cinn suntasach a bhaint amach i leith chomhlánú an mhargaidh aonair, go háirithe in earnáil na seirbhísí. Molann sé go ndéanfaí obair leanúnach chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú agus dul chun cinn a dhéanamh go pras maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chomhlánú.