- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 12/03/2018, 12 Márta 2018
Na príomhthorthaí
Todhchaí an bheartais tionsclaíoch
Phléigh an Chomhairle an beartas tionsclaíoch agus ghlac conclúidí maidir le straitéis do bheartas tionsclaíochta an Aontais amach anseo.
Cuireadh béim sna conclúidí ar an ngéarghá atá le straitéis fadtéarmach a leagan amach do thionsclaíocht na hEorpa ar mhaithe leis an iomaíochas, fás, agus nuálaíocht san Eoraip a spreagadh.
Is ceist straitéise don Eoraip ár mbeartas tionsclaíochta - is iad bearta an lae inniu a chinnfidh cén cineál geilleagair agus sochaí a bheidh againn i gceann deich mbliana. Léiríonn an méid sin nach mór dúinn cur chuige a bheidh againn atá fairsing, fadtéarmach agus réamhbhreathnaitheach dá réir. Dearbhaíonn an méid a thit amach le déanaí an gá atá le gníomhaíochtaí straitéiseacha a aithint ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do thionsclaíocht na hEorpa, í a chur in oiriúint, infheistíochtaí a mhealladh agus fostaíocht a chruthú. Emil Karanikolov, Aire Geilleagair na Bulgáire
Digitiú an gheilleagair: Seimeastar Eorpach 2018
Phléigh na hairí digitiú gheilleagar an Aontais i gcomhthéacs thimthriall an tseimeastair Eorpaigh.
Leag siad béim ar roinnt tosaíochtaí i réimse an athchóirithe struchtúrtha, a bhfuil gá leo ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta má táthar le tairbhe iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach.
Comóradh ceathrú céid an mhargaidh aonair: an bealach chun cinn
Phléigh na hairí cé mar is féidir an margadh aonair a fheabhsú agus a dhoimhniú feasta.
Tá an tAontas Eorpach ag ceiliúradh ceathrú céid i mbliana, 2018, ó bunaíodh an margadh aonair. Tá chuid mhaith bainte amach againn san am sin, agus a bhuntáiste do mhuintir agus do ghnólachtaí le feiceáil fud fad an Aontais. Ní tráth faillí é, áfach. Ní mór obair mhór a dhéanamh más uainn tairbhe iomlán a bhaint as na féidearthachtaí as cuimse atá an margadh aonair in ann a ghiniúint maidir le rathúnas agus leas. Emil Karanikolov, Aire Geilleagair na Bulgáire
Srianta maidir le margaí na seirbhísí: seiceáil a dhéanamh ar an iomaíochas
Mar chuid den díospóireacht rialta seiceála ar an iomaíochas, thug na hairí aghaidh ar na costais a bhaineann le srianta míchuí i margaí na seirbhísí.
Bíonn iarmhairt dhiúltach ag na srianta seo ar fheidhmíocht na n-earnálacha déantúsaíochta sin a bhaineann úsáid as na seirbhísí úd agus laghdaítear a dtáirgiúlacht dá réir.
Ach srianta neamhriachtanacha a bhaint, is féidir buntáistí nach beag a bheith ann don fhíor gheilleagar, go háirithe san earnáil miondíola.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Straitéis maidir le beartas tionsclaíochta: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 12/03/2018
Síneadh curtha ag an Aontas Eorpach le smachtbhannaí go dtí an 15 Meán Fómhair 2018 mar gheall ar ghníomhaíochtaí i gcoinne iomláine chríochach na hÚcráine - 12/03/2018
Cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 12/03/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025