Skip to content

Roghnú shuíomh lárionad an Aontais um inniúlachtaí cibearshlándála

Tá lárionad cibearshlándála nua bunaithe ag an Aontas chun feabhas a chur ar an gcibear-athléimneacht, chun tacú le taighde agus chun dlús a chur leis na hiarrachtaí forbartha teicneolaíochta.

Cén fáth go bhfuil lárionad um inniúlachtaí cibearshlándála de chuid an Aontais ann?

Tá an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála bunaithe ag an Aontas chun tuilleadh feabhais a chur ar chibear-athléimneacht, chun tacú le taighde cibearshlándála agus chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh i réimse na bhforbairtí teicneolaíochta ar fud an Aontais.

Déanfaidh an lárionad nua:

  • obair líonra na lárionad náisiúnta comhordúcháin a éascú
  • tacaíocht airgeadais a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil ón gclár Fís Eorpach agus ón gclár don Eoraip Dhigiteach

Is é is aidhm don lárionad:

  • rannchuidiú leis an teicneolaíocht chibearshlándála is déanaí a chur in úsáid
  • tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide na cibearshlándála
  • taighde agus nuálaíocht i ndáil leis an gcibearshlándáil a fheabhsú
  • rannchuidiú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a líonadh

Ghlac an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an lárionad agus an líonra i mí Aibreáin 2021.

Seoladh an nós imeachta maidir le suíomh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (ECCC) a roghnú an 28 Deireadh Fómhair 2020. Bhí comhaontú de dhíth idir na Ballstáit chun an cinneadh a dhéanamh.

An 9 Nollaig 2020, vótáil ionadaithe rialtais 27 mBallstát an Aontais i ndáil le suíomh ECCC, ar imeall chruinniú ambasadóirí an Aontais Eorpaigh i gCoiste na mBuanionadaithe (Coreper). Is é Búcairist, an Rómáin, an áit a roghnaíodh an t-ionad.

Na hiarratais ar an lárionad nua a óstáil

Nós imeachta maidir le suíomh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála a roghnú:

An Bheilg (an Bhruiséil)

An Ghearmáin (München)

An Liotuáin (Vilnias)

Lucsamburg

An Pholainn (Vársá)

An Spáinn (Leon)

Céimeanna an nós imeachta chun suíomh nua a roghnú

Is éard a bhí i gceist leis an nós imeachta:

  • iarratais ó na Ballstáit ar an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála a óstáil, a fháil faoin 6 Samhain 2020
  • na hiarratais a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle an 11 Samhain 2020
  • measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach ar na hiarratais faoin 2 Nollaig 2020 de réir na gcritéar a comhaontaíodh
  • plé polaitiúil bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin agus ar chinneadh trí vótáil ionadaithe na mBallstát uile ar imeall an chruinnithe a bheidh ag Coreper I an 9 Nollaig 2020
Léaráid: an chaoi a roghnófar suíomh an Lárionaid um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála
An chaoi a roghnófar suíomh an Lárionaid um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (Grafaic faisnéise)

An chaoi a roghnófar suíomh an Lárionaid um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (Grafaic faisnéise)

Critéir mheasúnaithe

An 28 Deireadh Fómhair 2020, chomhaontaigh ionadaithe rialtais na mBallstát na critéir seo a leanas:

  1. an dáta óna mbeidh an lárionad in ann feidhmiú
  2. inrochtaineacht an tsuímh
  3. saoráidí oideachais a bheith ar fáil do leanaí fhoireann an lárionaid
  4. rochtain a bheith ag céilí agus leanaí na bhfostaithe ar an margadh saothair, ar shlándáil shóisialta agus ar chúram sláinte
  5. nascacht, slándáil agus idir-inoibritheacht le saoráidí teicneolaíochta faisnéise chun cistiú ón Aontas a láimhseáil
  6. éiceachóras cibearshlándála a bheith ann
  7. cothromaíocht gheografach

An 2 Nollaig 2020, d'eisigh an Coimisiún a mheasúnú ginearálta ar na hiarratais uile a fuarthas laistigh den sprioc-am.

Plé polaitiúil agus vóta

Bhí plé polaitiúil ag ionadaithe rialtais na mBallstát maidir le suíomh an lárionaid nua a roghnú, ar plé é a bhí bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin a rinneadh ar imeall Coreper I.

Vótáil na hionadaithe chun suíomh ECCC a shocrú i mBúcairist na Rómáine, an 9 Nollaig 2020.