Skip to content

Amlíne - An spás, an tslándáil agus an chosaint

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas le blianta beaga anuas maidir lena chinntiú go mbainfear úsáid shábháilte as an spás.

  • 2023

    8 Nollaig

    Cuireann an Chomhairle in iúl an géarghá atá le cur chuige cuimsitheach a bheith ann maidir le bainistiú an spástrachta

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le staid na himeartha i ndáil le bainistiú an spástráchta ina ndéantar na rudaí seo a leanas:

    • leagtar béim ar a phráinní atá sé cur chuige Aontais a fhorbairt maidir le bainistiú an spástráchta
    • leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé na riachtanais shibhialta agus mhíleata maidir le bainistiú an spástráchta a chur san áireamh
    • leagtar béim ar an ról atá ag córas faireacháin agus rianaithe spáis an Aontais
  • 2023

    14 Samhain

    Conclúidí ón gComhairle formheasta maidir le Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint.

    Mheabhraigh an Chomhairle tiomantas seanbhunaithe an Aontais don dlí idirnáisiúnta agus do na luachanna agus na treoirphrionsabail a forbraíodh i gcreat na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí a thoilteanaí atá Ballstáit an Aontais leanúint de bheith ag obair chun noirm, rialacha agus prionsabail a bhunú maidir le hiompar freagrach thar réimse iomlán na ngníomhaíochtaí spáis.

  • 2023

    23 Bealtaine

    Leis na conclúidí ón gComhairle maidir le húsáid chóir inbhuanaithe a bhaint as an spás, athdhearbhaítear an t-éileamh ar chur chuige Eorpach maidir le bainistiú spástráchta

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ‘Úsáid chóir agus inbhuanaithe an spáis’ tráth a bhfuil an plódú sna fithisí ag dul i méid i ngeall ar réada spáis.

    Déantar an méid seo a leanas leis na conclúidí:

    • iarrtar ar bhearta maolaithe chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar smionagar spáis atá ann cheana
    • moltar go ndéanfar cumais a threisiú, mar shampla, trí rannchuidiú sheirbhís faireachais agus rianaithe spáis an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le gníomhaireacht an Aontais um an gclár spáis, chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cur chuige ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú spástráchta
    • aithnítear gur leas coiteann don domhan ar fad é an spás agus nár cheart go mbeadh bac ar aon stát é a thaiscéaladh agus a úsáid
  • 2022

    10 Meitheamh

    Conclúidí ina leagtar béim ar an ngá atá le hardfhaireachas spáis agus le comhordú reachtach glactha ag airí an Aontais

    Ghlac na hairí conclúidí ar an mbainistiú spástráchta, agus leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé cumas faireachais agus rianaithe spáis an Aontais a neartú agus an reachtaíocht agus an caighdeánú a chomhordú. Leis sin, beidh cumhacht faoi leith ag glór an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis an mbainistiú spástráchta.

    Le cur chuige an Aontais maidir le bainistiú spástráchta, laghdófar an baol go dtarlóidh imbhuailtí agus cinnteofar go mbeidh an spás sábháilteinbhuanaithe i gcónaí.

    Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Copernicus faoi 2035, rud a chuideoidh le todhchaí chlár spáis Copernicus a ullmhú. Cuirtear i láthair iontu fís le haghaidh 2035 agus treoir pholaitiúil do chlár Copernicus bunaithe ar thrí phríomhcholún: an Comhaontú Glas don Eoraip, an t-aistriú digiteach agus an tslándáil, na trí cinn ag rannchuidiú le hEoraip níos athléimní.

  • 2022

    21 Márta

    An Compás Straitéiseach glactha ag an gComhairle

    D’fhormheas an Chomhairle go foirmiúil an Compás Straitéiseach. Leis an gCompás, tugtar don Aontas Eorpach plean uaillmhianach gníomhaíochta chun beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030.

    Is é cuspóir an Chompáis Straitéisigh soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh den Aontas. Ní mór don Aontas a bheith in ann a chuid saoránach a chosaint agus cur leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta.

    Tá sé sin níos tábhachtaí fós agus cogadh ar ais chugainn ar thalamh na hEorpa arís, i bhfianaise an fhogha mhíleata gan chúis gan údar atá á thabhairt ag na Rúis faoin Úcráin, mar aon le haistrithe móra geopholaitiúla. Cuirfidh an Compás Straitéiseach sin le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, agus lena chumas oibriú le comhpháirtithe eile chun a luachanna agus a leasanna a chosaint.

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025