Suaitheantas bliana
Cad é an suaitheantas bliana?
Tugann an suaitheantas sin rochtain d’iriseoirí ar áitribh na Comhairle le linn chruinnithe na Comhairle Eorpaí, Cruinnithe Mullaigh Euro, Cruinnithe Mullaigh le tríú tíortha agus imeachtaí ardleibhéil eile. Is féidir é a úsáid freisin chun rochtain a fháil ar an gComhairle ar ghnáthlaethanta oibre.
Ní gá d’iriseoirí a bhfuil suaitheantas bliana acu clárú agus suaitheantas nua a bhailiú le haghaidh gach imeachta a thuilleadh.
Cé atá incháilithe le cur isteach ar an suaitheantas bliana?
Níl an suaitheantas bliana ar fáil ach amháin do na daoine seo a leanas:
- náisiúnaigh AE/CSTE atá ina gcónaí sa Bheilg
- náisiúnaigh neamh-AE a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg le 5 bliana ar a laghad
Ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- a bheith i d’iriseoir (iarrfar ort cóip de do chárta preasa idirinstitiúideach Eorpach nó Beilgeach NÓ litir ó do phríomheagarthóir a uaslódáil)
- a bheith i do chónaí sa Bheilg
- uimhir chláir náisiúnta a bheith agat, rud atá le feiceáil ar do dhoiciméad aitheantais Beilgeach
- a bheith i do shaoránach AE/CSTE nó a bheith i do chónaí sa Bheilg le 5 bliana ar a laghad
Creidiúnú náisiúnach den Ríocht Aontaithe
Ón 1 Eanáir 2021, ní mór d’ionadaithe na meán a bhfuil náisiúntacht na Ríochta Aontaithe acu an ceanglas a chomhlíonadh go mbeadh cónaí buan orthu sa Bheilg ar feadh 5 bliana as a chéile ar a laghad, chun go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh ar shuaitheantas preasa bliana.
Beidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe nach gcomhlíonann an ceanglas sin fós in ann iarratas a chur isteach ar bhonn ad hoc ar Chomhairlí Eorpacha agus ar chruinnithe ardleibhéil eile.
Conas a dhéantar iarratas ar an suaitheantas bliana?
Foilsítear fógra ag tús na tréimhse creidiúnaithe. Ní mór gach iarratas maidir le creidiúnú a chur isteach le linn na tréimhse sin. Diúltófar d’iarratais dhéanacha.
Osclófar an tréimhse chreidiúnaithe ansin tráth a bheidh gnáthchruinniú mullaigh den Chomhairle Eorpach ar siúl agus roimh ócáidí ardleibhéil a d’fheadfadh a bheith ar siúl freisin.
Le linn na tréimhse creidiúnaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shuaitheantas bliana ar líne:
Sula dtosóidh tú an nós imeachta ar líne, déan cinnte go bhfuil fáil agat ar an bpíosa faisnéise agus ar na doiciméid seo ar leanas:
- uimhir do dhoiciméid bhailí aitheantais (ní ghlactar le cártaí aitheantais náisiúnta ach amháin i gcás náisiúnaigh den Aontas agus náisiúnaigh CSTE) nó do phas, chomh maith le dátaí eisiúna agus éaga na ndoiciméad sin
- cóip scanta de do shuaitheantas idirinstitiúideach AE nó do chárta preasa Beilgeach, NÓ den litir shannta, sínithe ag do phríomheagarthóir, lena ndeimhnítear go bhfuil tú ag tuairisciú ar ghnóthaí an Aontais le linn na bliana reatha
- pictiúr ar mhéid pas i bhformáid jpeg (uasmhéid 500 KB)
Iarrfar ort freisin foirm a phriontáil, a shíniú agus a uaslódáil chun údarú a thabhairt go ndéanfaidh údaráis na Beilge scagadh slándála ort. Beidh tú in ann d’fhoirm toilithe a íoslódáil ó do chuntas.
Conas a bheidh a fhios agam ar glacadh le m’iarratas?
Tar éis duit an t-iarratas ar líne a líonadh isteach, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndeimhneofar go bhfuarthas d’iarraidh. Déanfaimid d’iarratas a phróiseáil, ach tabhair faoi deara go bhféadfadh roinnt ama a bheith i gceist leis sin.
Chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le stádas d’iarrata, is féidir leat do phróifíl ar líne a sheiceáil go rialta. Gheobhaidh tú ríomhphost freisin nuair a bheidh d’iarratas bailíochtaithe agus nuair a bheidh an suaitheantas réidh le bailiú.
Má dhiúltaítear d’iarratas nó más gá duit tuilleadh eolais a thabhairt, rachaidh lárionad preasa na Comhairle i dteagmháil leat.
Cathain is féidir liom agus cén áit ar féidir liom mo shuaitheantas bliana a bhailiú?
Gheobhaidh tú ríomhphost nuair a ghlacfar le d’iarratas agus nuair a bheidh do shuaitheantas réidh le bailiú.
Beifear in ann é a bhailiú ó 8.00 go 18.00 gach lá oibre ag príomhfháiltiú áras Justus Lipsius. Beidh tú in ann do shuaitheantas a bhailiú ag áras LEX aon uair a bheidh an deasc bailithe suaitheantais ar oscailt d’ócáid ardleibhéil.
Cé gur féidir clárú grúpa a dhéanamh go fóill, is ar bhonn aonair a dhéanfar suaitheantais bhliana a bhailiú. Ní mór do gach iarratasóir an suaitheantas a bhailiú go pearsanta.
Cad ba cheart dom a dhéanamh má tá imeacht ardleibhéil ar na bacáin agus murar glacadh le mo shuaitheantas bliana go fóill?
Fad nach nglacfar le d’iarraidh ar shuaitheantas bliana, ní mór duit clárú le haghaidh gach imeachta ceann ar cheann.
Cad a tharlaíonn má chaillim mo shuaitheantas bliana?
Ní mór duit dul i dteagmháil le lárionad preasa na Comhairle láithreach ([email protected] - +32 (0)2 281 9000). Eiseofar suaitheantas nua agus díghníomhófar an suaitheantas tosaigh go huathoibríoch.
Cad a tharlaíonn má dhéanaim dearmad mo shuaitheantas a thabhairt liom?
Eiseofar suaitheantas nua agus díghníomhófar an ‘suaitheantas roimhe sin’ go huathoibríoch.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Nollaig 2025