Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Bealtaine 2015 22:00

Conclúidí ón gComhairle maidir le hInscne i gcomhthéacs na Forbartha

  1. Is bliain ríthábhachtach í 2015 maidir le comhionannas inscne, cearta an duine agus cumhachtú na mban agus na gcailíní sa chomhthéacs domhanda, le caibidlíocht idir-rialtasach maidir leis an gClár Oibre Iar-2015 le haghaidh Forbartha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart díriú go háirithe ar chearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, go háirithe i bhfianaise chomóradh 15 bliana Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus i bhfianaise chomóradh 20ú bliain Dhearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising. Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta do chur chun feidhme Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising, Chlár Gníomhaíochta Chaireo, agus don toradh a bheidh ar a gcuid comhdhálacha athbhreithnithe agus do chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú. Chomh maith leis sin, is díol sásaimh di an Dearbhú Polaitiúil a glacadh ag an 59ú seisiún a bhí ag an gCoimisiún um Stádas na mBan agus is díol sásaimh di é gur iarradh go mbeidh ann d'fhíorú iomlán chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha ag mná agus ag cailíní ar bhonn cothrom, mar aon le baint amach comhionannais inscne agus cumhachtaithe ag mná agus cailíní feadh a saol.

  2. Leis an Imeacht Ardleibhéil maidir le 'Cumhachtú na mBan agus Forbairt Inbhuanaithe', a reáchtáil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Ríge an 2 Márta 2015 i gcomhthéacs na Bliana Eorpaí um Fhorbairt, tugadh deis an móiminteam polaitiúil a athnuachan agus gealltanas láidir an Aontais a athdhearbhú maidir le comhionannas inscne, ceartas sóisialta, neamh-idirdhealú agus cearta an duine.

  3. Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta i gcónaí do chur chun cinn, cosaint agus comhlíonadh chearta uile an duine a bhaint amach do chách. Is mór ag an gComhairle an ról tábhachtach atá ag an Aontas agus a chuid Ballstát chun tacú le tionscnaimh idirnáisiúnta a chuireann chun cinn cearta na mban agus na gcailíní, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus iarrann sí comhar agus comhordú leantach le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe, go háirithe NA Mná, agus le fóraim agus le gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile. Tá eagraíochtaí na mban thar a bheith tábhachtach mar chomhpháirtithe an Aontais maidir le fíorú iomlán chearta na mban agus na gcailíní, chomhionannas inscne agus chumhachtú na mban agus na gcailíní.

 

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024