- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 30 Meitheamh 2015 08:50
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL): Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Pharlaimint maidir le rialacha nuashonraithe
An 29 Meitheamh, d'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe (Coreper), thar ceann na Comhairle, an comhréiteach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa maidir le Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), lena n-aisghairtear an cinneadh reatha ón gComhairle lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta agus a chuirfear in ionad an chinnidh sin.
Is é is aidhm leis an Rialachán nua bunús dlí CEPOL a thabhairt chun dáta le go bhfeabhsófar slándáil an Aontais trí chur chuige nua oiliúna d’oifigigh um fhorfheidhmiú dhlí an Aontais a chur chun feidhme.
Leis na rialacha nua, faoi CEPOL, féadfar an t-eolas agus na scileanna is gá a thoirbhirt d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí d'fhonn coireacht trasteorann a chosc agus a chomhrac go héifeachtach trí chomhar éifeachtach lena gcomhghleacaithe sna Ballstáit eile, le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ina theannta sin, déanfar sainordú na Gníomhaireachtaa shíneadh freisin agus an rialachas a fheabhsú.
Cúlra
Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh é an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL) a bunaíodh in 2005 le Cinneadh 2005/681/Ceartas agus Gnóthaí Baile (CGB) ón gComhairle.
Is iad cuspóirí CEPOL cur leis an eolas ar chórais náisiúnta na bpóilíní agus ar na struchtúir atá ag na Ballstáit eile agus le comhar póilíneachta trasteorann laistigh den Aontas Eorpach, feabhas a chur ar an eolas faoi ionstraimí idirnáisiúnta agus ionstraimí an Aontais agus oiliúint iomchuí a chur ar fáil maidir le cosaintí daonlathacha a urramú.
In 2013, tráth ar thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialachán nua maidir le Europol, mhol sé CEPOL a chumasc le Europol, ach dhiúltaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon do smaoineamh sin an chumaisc. Idir an dá linn, tar éis an chinnidh ón Ríocht Aontaithe gan CEPOL a óstáil a thuilleadh, bhí ar an nGníomhaireacht athlonnú ó Bramshill (an Ríocht Aontaithe) go Búdaipeist (an Ungáir) amhail agus ón 1ú Deireadh Fómhair 2014.
Na chéad chéimeanna eile
Ós rud é go bhfuil an Comhaontú daingnithe ag Coiste na mBuanionadaithe, thar ceann na Comhairle, tíolacfar an Rialachán, tar éis a athbhreithnithe ag dlítheangeolaithe, do Pharlaimint na hEorpa le vótáil ar an gcéad léamh, agus chuig an gComhairle lena ghlacadh.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024