- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Iúil 2015 15:00
Sonraí easnaimh i Valencia: Gearradh fíneáil ar an Spáinn as bréagtuairisciú
An 13 Iúil 2015, d'fhorchuir an Chomhairle fíneáil €18.93 milliún ar an Spáinn toisc cúbláil a rinneadh ar shonraí easnaimh i bPobal Féinrialaitheach Valencia (Comunidad Valenciana).
Baineann an fíneáil den chuid is mó le caiteachas sláinte gan a bheith á thaifeadadh agus leis an bprionsabal um fhabhrú gan a bheith á chomhlíonadh ag an oifig réigiúnach iniúchóireachta.
Tar éis imscrúdú a rinneadh faoi stiúir an Choimisiúin, fuarthas go raibh tromfhaillí in oifig réigiúnach iniúchóireachta Phobal Féinrialaithe Valencia. Mar thoradh ar an bhfaillí sin rinne an Spáinn tuairisciú mícheart ar a sonraí rialtais ghinearálta i mí an Mhárta 2012 chuig Eurostat, oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh. Cuireadh stop leis an mí-thuairisciú sin in 2012.
Seo í an chéad uair ar gearradh fíneáil toisc cúbláil sonraí faoi Rialachán 1173/2011. Glacadh an Rialachán in 2011 mar chuid de neartú fhaireachas fioscach an Aontais.
Is ionchur sár-riachtanach iad sonraí maidir le heasnamh agus fiachas rialtais do chomhordú na mbeartas eacnamaíoch ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, cinneadh a dhéanamh fíneáil a fhorchur ar Bhallstát sa limistéar euro d'fhonn faireachas buiséadach a fhorghníomhú. An aidhm atá leis sin ná stáit a dhíspreagadh ó fhaisnéis mícheart a thabhairt ar shonraí easnaimh agus fiachais, bíodh an fhaisnéis sin mícheart d’aonghnó nó mar gheall ar thromfhaillí.
Rinneadh an cinneadh ag cruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, gan phlé.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024