Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 11 Lúnasa 2015 11:15

Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise

An 13 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur chun Feidhme (CBES) 2015/1142[1] lena gcuirtear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle chun feidhme. 

Leis an gCinneadh sin, leasaítear liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES. 

Tá na Tíortha seo is Iarrthóirí: Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró*, an tSeirbia* agus an Albáin*, tír de chuid an Phróisis Chobhsaíochta agus Chomhlachais agus tír a d'fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Bhosnia agus an Heirseagaivéin, agus Tíortha seo Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin, ag seasamh leis an gCinneadh seo.

Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh sin ón gComhairle. 

Tugann an tAontas Eorpach an tiomantas seo dá aire agus is díol sásaimh dó é.


 [1] Arna fhoilsiú an 14.7.2015 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. L 185, lch. 20.

* Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.

 

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024