- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 28 Meán Fómhair 2015 19:45
Fórsa Cabhlaigh faoi Cheannas an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR Med): Comhaontaíonn an tAontas go dtosófar ar chéim ghníomhach na hoibríochta i gcoinne smuigléirí agus go dtabharfar "Oibríocht Sophia" feasta uirthi
Tar éis an treoir pholaitiúil a thug na hAirí Cosanta agus Gnóthaí Eachtracha ag cruinnithe neamhfhoirmiúla an 3 agus an 5 Meán Fómhair, chomhaontaigh Ambasadóirí an Aontais sa Choiste Polaitiúil agus Slándála go dtosófar ar an gcéad chuid de chéim 2 den oibríocht amhail ón 7 Deireadh Fómhair 2015 agus d’fhormheas siad na rialacha aontaithe comhraic dá réir.
Na hárthaí sin a bhfuil drochamhras fúthu go bhfuiltear á n-úsáid le haghaidh smuigleáil daoine nó gáinneáil ar dhaoine ar muir, féadfar, faoi oibríocht chabhlaigh an Aontais in aghaidh smuigléirí daoine sa Mheánmhuir, na hárthaí sin a bhordáil, a chuardach, a urghabháil agus a chur ar mhalairt treo, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
Chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála freisin gur cheart "Sophia” a thabhairt feasta ar EUNAVFOR Med i ndiaidh ainm an linbh a rugadh ar long na hoibríochta inar tarrtháladh a máthair an 22 Lúnasa 2015 amach ó chósta na Libia.
“Leis an gcinneadh seo inniu téitear ar aghaidh ón ról a bhí ag oibríocht chabhlaigh an Aontais roimhe seo .i. tiomsú faisnéise, agus glacfar feasta céim ghníomhach oibríochta in aghaidh na smuigléirí daoine ar muir. Tá cruthaithe ag an Aontas Eorpach go bhfuil sé d'acmhainn aige gníomhú ar bhealach tapa, comhaontaithe. Táimid bonn ar bhonn freisin inár gcuid iarrachtaí taidhleoireachta chun teacht ar réiteach polaitiúil ar an ngéarchéim sa tSiria agus sa Libia, agus, i gcomhpháirtíocht le tíortha tionscnaimh agus idirthurais na sreabh imirce, tacú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha sin.”
Is mar sin a labhair Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Glacfaidh an Chomhairle ainm nua na hoibríochta go foirmiúil, a luaithe is féidir.
Eascraíonn cinneadh an Choiste Pholaitiúil agus Slándála maidir le tús a chur leis an gcéad chuid de chéim 2 den oibríocht, as measúnú a rinne an Chomhairle an 14 Meán Fómhair inar deimhníodh go gcomhlíontar na coinníollacha chun bogadh ar aghaidh go dtí an gcéim seo.
Mheas an Seachaimiréal Credendino, Ceannasaí na hOibríochta, go mbeidh an t-aistriú sin indéanta toisc gur chuir na Ballstáit na sócmhainní riachtanacha ar fáil don chéim níos gníomhaí seo ag an gcomhdháil inar tiomsaíodh an fórsa, an 16 Meán Fómhair 2015.
Tá mar aidhm leis an oibríocht samhail ghnó na líonraí smuigleála agus gáinneála ar dhaoine a chur dá bonn i réigiún na Meánmhara agus gan tuilleadh daoine a chur i mbaol a mbáite ar muir. Is cuid de chur chuige cuimsitheach níos forleithne ag an Aontas é seo maidir leis an imirce .i. dul i ngleic leis na comharthaí sóirt agus na bunchúiseanna araon, mar atá, coinbhleachtaí, an bhochtaineacht, an t-athrú aeráide agus an ghéarleanúint.
- Fórsa Cabhlaigh faoi Cheannas an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (NAVFOR AE ): Glacann an Chomhairle measúnú dearfach faoi na dálaí chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chuid de chéim 2 ar mórmhuir
- Fórsa Cabhlaigh faoi Cheannas an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (NAVFOR AE ): An dea-thoradh a bhí ar Chéim 2 den Chomhdháil ar Bhunú Fórsaí
- EU NAVFOR Med (SEGS)
- Teacht ar réitigh i ndáil leis an mbrú imirce (cúlra faisnéise)
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024