- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Deireadh Fómhair 2015 14:15
Conclúidí ón gComhairle maidir lena bhfuil i ndán don bheartas aisdúichithe
1. Athdhearbhaíonn an Chomhairle gur cuid fíor-riachtanach de bheartas cuimsitheach imirce de chuid an Aontais é go mbeadh beartas comhtháite, inchreidte, éifeachtach ann maidir le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a aisdúichiú, ar beartas é lena n-urramófar go hiomlán cearta an duine agus dínit na ndaoine lena mbaineann, chomh maith le prionsabal an non-refoulement.
2. Is díol sásaimh don Chomhairle an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hAisdúichiú lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach an 25 agus an 26 Meitheamh 2015 ina n-iarrtar ar an gCoimisiún Clár Eorpach Aisdúichithe tiomnaithe a bhunú. Is éard atá sa Phlean Gníomhaíochta[1], agus sa Lámhleabhar don Aisdúichiú[2], a tíolacadh an 9 Meán Fómhair 2015, gnéithe pragmatacha agus oibríochtúla a bhfuil sé d’aidhm acu cumas na mBallstát a mhéadú chun imircigh neamhrialta a chur ar ais, agus, ag an am céanna, aitheantas iomlán a thabhairt ar a riachtanaí atá sé comhar agus tacaíocht a fheabhsú do na tíortha tionscnaimh agus idirthurais.
3. Ag an gComhairle Eorpach an 25 agus 26 Meitheamh 2015, leagadh amach liosta gníomhartha a bheidh le déanamh i réimsí aisdúichithe, an athligin isteach agus an athimeasctha. D'fhonn go measfar an dul chun cinn atá déanta agus saincheisteanna atá fós ann a aithint, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt chuige sin, faoi mhí Eanáir 2016. Ina theannta sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún leanúint go pras le gníomhaíochtaí nithiúla ar na fógraí a dhéantar i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le haisdúichiú.
4. Ní mór na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais a leithdháileadh chun éifeachtúlacht chóras aisdúichithe an Aontais Eorpaigh a mhéadú agus aird faoi leith á tabhairt ar na Ballstáit atá faoi bhrú mór imirce. Tabharfaidh an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht tacaíocht mhór do ghníomhaíochtaí aisdúichithe na mBallstát a bhfuil níos mó ná 800 milliún euro tiomanta don aisdúichiú acu ina gclár náisiúnta in 2014-2020. Ba cheart go mbeidh maoiniú chun tacú le comhar maidir le hathligean isteach agus le hathimeascadh na dteifeach fillte, lena n-áirítear idir Ballstáit agus tríú tíortha, á chur ar fáil faoi gach ionstraim iomchuí, go háirithe faoin gCiste Iontaobhais don chobhsaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá taobh thiar den imirce mhírialta agus d'easáitiú daoine san Afraic agus faoi chláir airgeadais an Aontais Eorpaigh. Is díol sásaimh don Chomhairle freisin gur bhunaigh an Coimisiún an tSaoráid Forbartha Acmhainní um Athligean Isteach, faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF). Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí acmhainní leordhóthanacha do Frontex ionas go mbeidh sé in ann a chuid tacaíochta maidir le haisdúichiú a mhéadú go suntasach.
5. Caithfidh an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát níos mó a dhéanamh i ndáil le haisdúichiú. Ba cheart go mbeadh méadú ar rátaí aisdúichithe mar bhac ar imirce neamhrialta. Ba cheart an Treoir Aisdúichithe[3], atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2009 i leith, a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtach chun ardchaighdeáin aonchineálacha forfheidhmithe a áirithiú agus ardleibhéal muiníne idir na Ballstáit a choinneáil. Áitíonn an Chomhairle ar an gCoimisiún feidhmiú agus cur chun feidhme na Treorach Aisdúichithe a mheas agus aon chonstaic ar aisdúichiú éifeachtach a shainaithint, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sásra meastóireachta Schengen[4]. Bunaithe ar an measúnú sin, iarrtar ar an gCoimisiún tograí reachtacha a dhéanamh, más cuí, chun na constaicí sin a leigheas. Ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as na córais faisnéise Eorpacha atá ann cheana, go háirithe Córas Faisnéise Schengen (SIS), Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus EURODAC, ar uirlisí tábhachtacha iad nach mór a fheabhsú tuilleadh chun go bhféadfar bailiú, comhroinnt agus comhordú faisnéise níos fearr a bheith ann i measc na mBallstát chun críocha aisdúichithe. Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tograí atá le teacht ón gCoimisiún, a bheidh bunaithe ar staidéar indéantachta, faoina mbeidh sé éigeantach gach toirmeasc ar theacht isteach agus gach cinneadh aisdúichithe a thaifeadadh i gCóras Faisnéise Schengen, go háirithe ionas go bhféadfar iad a aithint agus a fhorghníomhú go frithpháirteach, a luaithe is féidir in 2016. Thairis sin, leis an athbhreithniú ar reachtaíocht ar theorainneacha cliste a chuirfear i láthair roimh dheireadh na bliana 2015, ba cheart go gcuirfí feabhas ar aisdúichiú trí thaifead a chruthú ar gach gluaiseacht trasteorann a dhéanann náisiúnaigh tríú tíortha. Ina theannta sin, is díol sásaimh don Chomhairle na tograí ón gCoimisiún maidir le húsáid EURODAC chun críocha aisdúichithe. Anuas air sin, déanfaidh na Ballstáit líonra na bpointí teagmhála náisiúnta chun faisnéis a mhalartú a chur i bhfeidhm d'fhonn go n-éascófar cead cónaithe a tharraingt siar, go háirithe le haghaidh imirceach ag a bhfuil taifead coiriúil, faoi dheireadh na bliana 2015.
6. Aithníonn an Chomhairle go bhfuil ról lárnach ag na creata náisiúnta dlí agus riaracháin freisin maidir leis na coinníollacha a chruthú lena gcuirfear ar chumas an Aontais gníomh aisdúichithe éifeachtach a dhéanamh. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit cinntí aisdúichithe a eisiúint go córasach, gach beart is gá a dhéanamh chun iad a fhorfheidhmiú agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil, lena n-áirítear maoiniú agus foirne, atá de dhíth chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a shainaithint agus a aisdúichiú. Ní mór gach beart a dhéanamh d’fhonn aisdúichiú éifeachtach na n-imirceach neamhrialta a áirithiú, lena n-áirítear úsáid coinneála mar rogha dheireanach dhlisteanach. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a n-acmhainn coinneála a neartú d’fhonn a áirithiú go mbeidh imircigh neamhrialta ar fáil le haisdúichiú agus bearta a dhéanamh chun mí-úsáid cearta agus nósanna imeachta a chosc.
7. Is gné ríthábhachtach é comhar praiticiúil idir na Ballstáit chun an ráta aisdúichithe a mhéadú. Spreagtar na Ballstáit, dá bhrí sin, chun úsáid níos fearr a bhaint as an saineolas agus na seirbhísí atá á dtairiscint ag Frontex a iarraidh ar bhonn níos córasaí, seirbhísí amhail foirne scagtha a úsáid ina chuid oibríochtaí comhpháirteacha comhordaithe, cúnamh a thabhairt maidir le doiciméid taistil imirceach a fháil, oibríochtaí comhpháirteacha aisdúichithe a eagrú agus oiliúint foirne náisiúnta atá bainteach le hoibríochtaí aisdúichithe. Ba cheart do Frontex, ar a uain, dlús a chur leis na hiarrachtaí go léir atá á ndéanamh leas iomlán a bhaint as an sainordú reatha atá aige chun cuidiú le Ballstáit in oibríochtaí aisdúichithe agus i ngníomhaíochtaí ábhartha eile. Cé gur faoi na Ballstáit atá sé go príomha aisdúichiú a chur i gcrích, le bunú láithreach Oifig tiomanta Aisdúichithe, ba cheart go bhféadfadh Frontex a thacaíocht a mhéadú d’fhonn, inter alia, oibríochtaí aisdúichithe a éascú, a eagrú agus a mhaoiniú. Ní foláir do Frontex leanúint de chabhair a thabhairt do Bhallstáit aonair go díreach agus ní mór an ceart a thabhairt dó chun oibríochtaí comhpháirteacha a eagrú ar a thionscnamh féin, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh. Beidh dlúthchomhar idir na Ballstáit uile agus Frontex chun ról gníomhach a ghlacadh i ndáil le bunú agus feidhmiú na bpríomhláithreacha próiseála i dtaca le hoibríochtaí aisdúichithe, mar a cuireadh i bhfios go láidir sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Meán Fómhair 2015.
8. Léiríonn an Chomhairle go bhfuil tacaíocht iomlán á tabhairt aici maidir le neartú Frontex agus tá sí ag tnúth leis an bpacáiste reachtach a chuirfidh an Coimisiún i láthair i mí na Nollag 2015. I ndáil leis sin, is díol sásaimh don Chomhairle an rún atá ag an gCoimisiún machnamh a dhéanamh faoi Fhoirne Idirghabhála Aisdúichithe Tapa Frontex a chur ar bun arís, ar foirne iad a chuirfidh tacaíocht ar fáil maidir le sainaithint, maidir le comhar consalach le tríú tíortha agus maidir le hoibríochtaí aisdúichithe a eagrú do na Ballstáit, ag tógáil ar an taithí a fuarthas ó na príomhláithreacha próiseála.
9. Is díol sásaimh don Chomhairle an rún atá ag an gCoimisiún córas comhtháite i ndáil le bainistiú ar aisdúichiú a chothú agus a stiúradh trí shineirgí a fhorbairt idir an Cur chuige Comhtháite Eorpach maidir le hAisdúichiú i leith Tríú Tíortha (EURINT), an Líonra Eorpach um Ionstraimí Ath-imeasctha (ERIN) agus an Líonra Eorpach Oifigeach Idirchaidrimh maidir le hAisdúichiú (EURLO), chomh maith le hOifigigh Eorpacha Idirchaidrimh Imirce (EMLOnna), Oifigigh Idirchaidrimh Inimirce (ILOnna) agus oifigigh Idirchaidrimh Frontex. Ba cheart go n-oibreoidís ar bhealach ina dtacóidís lena chéile trí dhúbláil a sheachaint, d'fhonn éifeachtacht chóras aisdúichithe an Aontais a fheabhsú. Ba cheart go ndéanfaí an saineolas agus an taithí atá acu a roinnt leis na Ballstáit agus go bhféadfaí obair leantach a dhéanamh maidir leis sin. Iarrtar ar na Ballstáit uile smaoineamh ar bheith rannpháirteach ar bhealach gníomhach sna líonraí sin. Ba cheart go n-áiritheodh Frontex go ndéanfaí an córas comhtháite maidir le haisdúichiú a bhainistiú a chomhordú ar leibhéal oibríochtúil.
10. Bainfear leas as na huirlisí uile chun comhar maidir le haisdúichiú agus le hathligean isteach a mhéadú. Tabharfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tús áite d'athligean isteach i ngach teagmháil ábhartha ar an leibhéal polaitiúil le tíortha tionscnamh na n-imirceach mírialta d'fhonn a áirithiú go bhfaigheann na tíortha sin teachtaireacht sheasmhach, lena n-áirítear maidir leis an ngá atá ann comhaontuithe maidir le hathligean isteach atá ann cheana i leith na mBallstát uile a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, éifeachtach. Ní mór an comhar le tíortha tionscnamh a dhíriú ar imircigh mírialta a shainaithint agus ar dhoiciméid taistil a eisiúint. Sa chomhthéacs sin, tá an comhar le huiríll taidhleoireachta na dtíortha tionscnamh ríthábhachtach agus ní mór tosaíocht a thabhairt dó. Ó thaobh Gnóthaí Baile de, déanfaidh an Chomhairle tuilleadh machnaimh faoin nasc idir eisiúint víosaí a éascú agus comhaontuithe maidir le hathligean isteach faoi chuimsiú an Chóid Víosaí athmhúnlaithe, go sonrach trína chinntiú nach n-éascófar eisiúint víosaí, mar a fhoráiltear leis an gCód Víosaí, go dtí go ndéanfar measúnú ar an gcomhar maidir le hathligean isteach leis na Ballstáit uile.
11. Leagann an Chomhairle béim ar an dualgas atá ar thíortha a náisiúnaithe féin a athligean isteach faoin ngnáthdhlí idirnáisiúnta agus gur gá do gach Stát cloí leis an dualgas sin. Maidir le tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), forordaítear an oibleagáid sin go sonrach in Airteagal 13 de Chomhaontú Cotonou[5] lena gcuirtear de cheangal ar na Stáit atá rannpháirteach a gcuid náisiúnaithe féin a athligean isteach gan aon fhoirmiúlachtaí breise. Déanfaidh an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát a ndícheall lena áirithiú go gcuirfear gach gealltanas maidir le hathligean isteach i bhfeidhm go héifeachtach, cibé acu an trí chomhaontuithe foirmiúla maidir le hathligean isteach, trí Chomhaontú Cotonou nó trí shocruithe eile a tugadh na gealltanais sin. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar le SEGS, tús a chur leis an idirphlé déthaobhach go gasta d'fhonn comhar praiticiúil a fheabhsú le gach tríú tír tionscnaimh nó idirthuras ábhartha i gcás na n-imirceach mírialta agus taithí Bhallstáit an Aontais, a bhfuil dea-thuairisc oibre acu i leith oibríochtaí aisdúichithe, mar bhonn leis sin. Ba cheart do Frontex, in éineacht leis na líonraí a dhíríonn ar aisdúichiú, tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil a chur ar fáil. Ba cheart don Choimisiún agus do SEGS eolas a thabhairt go rialta ar thoradh na gcruinnithe sin agus tuairisciú ar an dul chun cinn a dhéanfar faoi mhí an Mheithimh 2016, ar a dhéanaí. Bunaithe ar an méid sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún treoracha caibidlíochta a mholadh do chomhaontuithe maidir le hathligean isteach le tíortha tionscnaimh ábhartha i gcás gur gá na socruithe comhair praiticiúla a chur ar bhonn foirmiúil. Ag an am céanna, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear dlús leis an gcaibidlíocht atá ar bun faoi láthair faoi chomhaontuithe maidir le hathligean isteach agus go gcuirfear i gcrích iad a luaithe agus is féidir.
12. Is díol sásaimh don Chomhairle gur tugadh isteach an prionsabal "dá mhéad... is ea is mó..." chun giaráil an Aontais agus na mBallstát a mhéadú. Ba cheart féachaint leis go mbeadh cothromaíocht mhaith ann idir dreasachtaí agus teannadh chun feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha maidir le hathligean isteach agus le haisdúichiú. Ní mór, dá bhrí sin, an prionsabal sin a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne agus ní mór leas a bhaint as ar bhealach comhbheartaithe, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ionas go mbeadh nasc idir comhar maith maidir le haisdúichiú agus le hathligean isteach agus sochair i ngach réimse beartais, ag tógáil ar an taithí a fuarthas leis na tionscadail phíolótacha maidir le haisdúichiú. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún, i gcomhar le SEGS, pacáistí cuimsitheacha, saincheaptha a bheartú, laistigh de sé mhí, a bheidh le húsáid i dtaca le tríú tíortha d'fhonn teacht ar réiteach maidir leis na deacrachtaí a bhain le hathligean isteach éifeachtach a chur i bhfeidhm. Ba cheart go gcuirfí na pacáistí sin i bhfeidhm láithreach ina dhiaidh. Ba cheart leas a bhaint as an gcoinníollacht, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn feabhas a chur ar an gcomhar. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit an ghiaráil a shainaithint sna réimsí a thagann faoina n-inniúlacht náisiúnta.
Leis an idirphlé ardleibhéil atá ar bun ag an Ardionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, ba cheart go mbeifí in ann an ghiaráil a shainaithint agus an comhar a fheabhsú maidir le hathligean isteach.
13. Tá an comhar le tíortha tionscnaimh agus le tíortha idirthurais ríthábhachtach d'oibríochtaí maidir le haisdúichiú. Sa ghearrthéarma, breathnóidh an tAontas ar na sineirgí a bhaineann le taidhleoireacht AE ar bhonn praiticiúil, trí thoscaireachtaí an Aontais, agus go háirithe trí Oifigigh Eorpacha Idirchaidrimh um Imirce (EMLOnna), a bheidh le seoladh chun na hÉigipte, chun Maracó, chun na Liobáine, chun na Nígire, chun na Nigéire, chun na Seineagáile, chun na Pacastáine, chun na Seirbia, chun na hAetóipe, chun na Túinéise, chun na Súdáine, chun na Tuirce agus chun na hIordáine faoi dheireadh na bliana 2015.
14. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar SEGS, agus ar na Ballstáit, go háirithe trína n-ionadaíochtaí lasmuigh den Aontas, i ndlúthchomhar leis na hoifigigh idirchaidrimh a luaitear i mír 9, laissez-passer an Aontais (doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnach tríú tír a dhíbirt)[6] a chur chun cinn ionas gurb é sin an doiciméad taistil a nglacfadh tríú tíortha leis i gcoitinne maidir le haisdúichiú. Ina theannta sin, geallann na Ballstáit go mbainfidh siad leas as laissez-passer an Aontais ar bhonn rialta in oibríochtaí maidir le haisdúichiú.
15. Ag aithint di nach réamhchoinníoll maidir le haisdúichiú é tacaíocht le haghaidh ath-imeasctha, caithfear níos mó a dhéanamh i dtaobh tacaíocht le haghaidh ath-imeasctha chun inbhuanaitheacht an aisdúichithe a áirithiú. Ní mór an comhar praiticiúil leis na húdaráis baile a fheabhsú freisin le go gcuirfidh siad feabhas ar a gcumas a náisiúnaigh a athligean isteach ar bhealach éifeachtúil, tráthúil.
16. Is iad na riaracháin náisiúnta, de ghnáth, a chuireann cláir maidir le haisdúichiú deonach chun feidhme i roinnt tríú tíortha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit tionscadail chomhpháirteacha maidir le hathimeascadh a dhearadh agus a chur chun feidhme, a bheadh níos cuimsithí agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de, i ngeall ar bharainneacht scála. Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an maoiniú atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún, ar leith ó fhorálacha AMIF. Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh, trí Ghréasán Imirce na hEorpa, cé acu an bhféadfadh siopadóireacht maidir le haisdúichiú eascairt as éagothromaíochtaí i measc cláir na mBallstát maidir le haisdúichiú deonach agus ath-imeascadh.
17. Féachfaidh an tAontas le cumais ghlactha a fhorbairt atá sábháilte agus inbhuanaithe agus féachfaidh sé le hionchais fhadtréimhseacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha a chur ar fáil do theifigh agus dá dteaghlaigh i réigiúin i dtríú tíortha atá faoi bhrú ag an imirce, go dtí go bhféadfaidh siad filleadh, an athuair, ar a dtír tionscnaimh. A luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos le Treoir 2013/32/AE[7], go háirithe prionsabal an non-refoulement dá dtagraítear in Airteagal 38, féadfaidh Ballstáit an Aontais a chinneadh go mbeadh iarratais ar thearmann a dhéanfadh na daoine sin doghlactha ar fhorais an tríú tír shábháilte i gcomhréir le hAirteagal 33 den Treoir sin, agus ina dhiaidh sin, go bhféadfaí cabhrú le haisdúichiú pras a dhéanamh. I gcomhréim leis an méid sin, ba cheart cumais chosúla réigiúnacha a fhiosrú d'aisdúichiú gasta na ndaoine sin nach gcáilíonn don chosaint idirnáisiúnta.
[1] Doic. 11846/15
[2] Doic. 11847/15
[3] Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i gcás UK, IE agus DK i gcomhréir le Prótacail Uimh. 21 agus 22, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
[4] Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013, IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
[5] Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000: Iris Oifigiúil L 317, 15/12/2000 Lch. 0003 – 0353.
[6] Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le doiciméad taistil caighdeánach a ghlacadh chun náisiúnaigh tríú tíre a dhíbirt.
[7] Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le UK, IE agus DK i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 agus Prótacal Uimh. 22, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024