- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 2 Nollaig 2015 11:00
Líonra nua EURES (Seirbhísí Eorpacha fostaíochta): formheas tugtha ag an gComhairle
An 2 Nollaig 2015, d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe an comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa maidir le líonra EURES mar atá faoi láthair a athbhunú agus a atheagrú.
Neartaítear líonra nua EURES agus déantar é a nuachóiriú. Is uirlis shoghluaisteachta cothrom le dáta é an tairseach lena mbaintear leas as na teicneolaíochtaí TF is déanaí, a mbeidh fáil ag gach duine uirthi.
"Cuirtear béim, leis an Rialachán nua maidir le EURES a athbhunú, ar a thábhachtaí agus atá ceann de shaoirsí bunúsacha an Aontais againn, sin le rá, saorghluaiseacht oibrithe. Cuirtear deiseanna nua fostaíochta ar fáil leis an Rialachán agus, mar sin, cabhraíonn sé leis an dífhostaíocht san Aontas Eorpach a laghdú freisin," a dúirt Nicolas Schmit, Aire Saothair, Fostaíochta agus Geilleagair Shóisialta agus Dlúthpháirtíochta.
Aidhm EURES
Is é atá mar chuspóir ag EURES saorghluaiseacht oibrithe a éascú laistigh den Aontas Eorpach, agus margadh saothair níos comhtháite á éascú san Aontas ar an gcaoi sin. Is féidir le saoránaigh uile an Aontais tairbhe a bhaint as raon iomlán na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Tugtar aird faoi leith ar a inrochtaine agus atá na seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.
Leis an bhfeabhas a cuireadh ar líonra EURES, cabhraíonn sé le hoibrithe na bacainní ar an tsoghluaisteacht a shárú, cuireann sé leis an rochtain atá acu ar dheiseanna fostaíochta ar fud an Aontais agus cabhraíonn sé le poist a chruthú. Cabhraíonn sé freisin le dul i ngleic leis an dífhostaíocht tríd an soláthar agus an t-éileamh i margadh an tsaothair a láimhseáil ar bhealach níos fearr.
Cuirtear ar chumas níos mó daoine bheith rannpháirteach in EURES
Leathnaíodh raon Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES leis na seirbhísí is fearr agus is féidir a chur ar fáil do na hoibrithe agus do na fostaithe uile. Is féidir le heagraíochtaí príobháideacha fostaíochta bheith páirteach sa líonra agus fógrófar a bhfolúntais ar thairseach an ghréasáin in éineacht le folúntais na n-eagraíochtaí poiblí. Caithfidh eagraíochtaí brabúis na seirbhísí uile a chur ar fáil, e.g. folúntais, CVanna a chur ar an tairseach agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí, seachas i gcás ina bhfuil siad in ann údar cuí a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir leis an bhfáth nach bhfuil siad in ann na seirbhísí sin uile a chur ar fáil. Is féidir le heagraíochtaí neamhbhrábúis rogha a dhéanamh as measc na trí rogha. Cuirfear na seirbhísí uile ar fáil leis na seirbhísí fostaíochta poiblí freisin agus thairis sin, áiritheofar leo go mbeidh rochtain as líne ag na húsáideoirí uile nach bhfuil scileanna TF acu.
Tá ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus gníomhaithe ábhartha eile i margadh an tsaothair rannpháirteach sa líonra freisin. Tá ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus trasteorann freisin.
Folúntais poist, iarratais ar phoist agus CVanna a fhoilsiú
Déanfar na folúntais poist, na hiarratais ar phoist agus na CVanna uile atá ar fáil go poiblí a athghrúpáil ar Thairseach EURES, agus cuirfear, ar an gcaoi leis le trédhearcacht na faisnéise a bheidh ar fáil. Áirítear folúntais maidir le cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí a bhunaítear ar chaidreamh fostaíochta air sin freisin.
D’fhonn cáilíocht a áirithiú agus mionaoisigh a chosaint, is féidir leis na Ballstáit cúrsaí oiliúna nó printíseachtaí a eisiamh a bhfuil béim oideachasúil ag gabháil leo den chuid is mó.
An Ghné thrasteorann
Tá ról tábhachtach ag EURES freisin maidir le faisnéis agus seirbhísí sonracha a chur ar fáil ar mhaithe leis na fostóirí agus na hoibrithe teorann i réigiúin trasteorann na hEorpa. Beifear in ann seirbhísí a chur ar fáil do na hoibrithe teorann a bhuí leis na struchtúir shonracha tacaíochta agus, ar an gcaoi sin, éascófar soghluaisteacht sna réigiúin sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
- @eo_press
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024