- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Nollaig 2015 11:30
Na chéad rialacha uile-Aontais chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil: margadh le PE
An 7 Nollaig 2015, tháinig Uachtaránacht Lucsamburg ar an gComhairle ar chomhaontú neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha comhchoiteanna chun an tslándáil líonra agus faisnéise (NIS) ar fud an Aontais a neartú.
Sa treoir nua leagfar oibleagáidí cibearshlándála ar oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha agus ar sholáthraithe seirbhísí digiteacha. Beidh sé de cheangal ar na hoibreoirí sin bearta a dhéanamh chun cibear-rioscaí a bhainistiú agus teagmhais slándála a thuairisciú ach beidh an dá chatagóir faoi réir réimis éagsúla.
Dúirt Xavier Bettel, Príomh-Aire Lucsamburg agus Aire Cumarsáide agus na Meán, agus Uachtarán na Comhairle: "Is céim thábhachtach é seo i dtreo cur chuige níos comhordaithe don chibearshlándáil ar fud na hEorpa. Beidh ar na gníomhaithe go léir, idir phoiblí agus phríobháideach, dlús a chur lena gcuid iarrachtaí, go háirithe trí chomhar méadaithe idir na Ballstáit agus ceanglais fheabhsaithe slándála ar oibreoirí bonneagair agus ar sheirbhísí digiteacha”.
Rialacha níos déine maidir le hoibreoirí bunriachtanacha
Liostaítear roinnt earnálacha criticiúla sa Treoir, a bhfuil oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha gníomhach iontu, amhail earnálacha an fhuinnimh, an iompair, an airgeadais agus na sláinte. Laistigh de na hearnálacha sin, déanfaidh na Ballstáit na hoibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha a shainaithint, bunaithe ar na critéir shoiléire atá leagtha amach sa Treoir. Beidh ceanglais agus maoirseacht níos láidre i gceist do na hoibreoirí sin ná mar a bheidh do sholáthraithe seirbhísí digiteacha. Is teist é sin ar an riosca a d'fhéadfadh a bheith ann don tsochaí agus don gheilleagar dá mbeadh briseadh ar bith sna seirbhísí acu.
Córas níos aonfhoirmí do sholáthraithe seirbhísí digiteacha
Cumhdófar na seirbhísí digiteacha a leanas leis an Treoir: ardáin r-thráchtála, innill cuardaigh agus seirbhísí néalríomhaireachta.
Is iondúil go mbíonn soláthraithe seirbhísí digiteacha gníomhach in a lán Ballstát. Chun a áirithiú gur mar a chéile a chaithfear leo ar fud an Aontais, beidh feidhm ag na rialacha maidir leis na hoibreoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin, seachas cuideachtaí beaga.
Creataí náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le cibearbhagairtí
Beidh sé de cheangal ar gach tír san Aontas údarás náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú agus straitéis a leagan amach chun saincheisteanna maidir le cibearshlándáil a láimhseáil.
Cuirfidh na Ballstáit freisin dlús lena gcomhar maidir le cibearshlándáil. Bunófar grúpa comhair ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar straitéiseach agus chun na cleachtais is fearr a mhalartú i measc na mBallstát. Bunófar líonra náisiúnta d'fhoirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí - (CSIRTanna) chun an comhar oibríochtúil a chur chun cinn. Táthar ag súil go gcuideoidh siad araon le muinín agus iontaoibh a fhorbairt idir na Ballstáit.
Spriocdhátaí
Beidh 21 mhí ag na Ballstáit, ón lá a dtiocfaidh an Treoir i bhfeidhm, chun na forálacha náisiúnta riachtanacha a ghlacadh. Tar éis na tréimhse sin, beidh 6 mhí eile ag na Ballstáit chun a gcuid oibreoirí seirbhísí riachtanacha a shainaithint.
Conas a dhéanfar dlí de?
A mhéid a bhaineann leis an gComhairle, tá an margadh fós le deimhniú ag na Ballstáit. Tíolacfaidh an Uachtaránacht an téacs a comhaontaíodh lena fhormheas ag ambasadóirí na mBallstát i gCoiste na mBuanionadaithe (COREPER) an 18 Nollaig. Chun an nós imeachta a thabhairt i gcrích, ní mór don Chomhairle agus don Pharlaimint é a ghlacadh go foirmiúil.
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024