Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 15 Feabhra 2016 19:05

An Libia: Leasú déanta ar mhisean cúnaimh an Aontais um bainistiú teorainneacha agus síneadh curtha leis

An 15 Feabhra 2016, leasaigh an tAontas a mhisean cúnaimh um bainistiú comhtháite teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) chun foráil do chumas sibhialtach pleanála.

Chuir an Chomhairle síneadh sé mhí freisin leis an misean go dtí an 21 Lúnasa 2016.

Cuireann an t-athrú sin ar chumas EUBAM na Libia cuidiú leis an bpleanáil le haghaidh forbairt acmhainní sibhialtacha amach anseo agus le haghaidh misean cúnaimh um bainistiú géarchéime i ndáil leis an athchóiriú ar an earnáil slándála. Oibreoidh an cumas sibhialtach pleanála i ndlúthchomhar le Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia, agus cuideoidh sé leis, agus rachaidh sé i mbun comhair le húdaráis na Libia agus le hidirghabhálaithe slándála ábhartha eile. 

Mar chuid de straitéis an Aontais atá dírithe ar thacú leis an athrú atá ar bun sa Libia, tacaíonn an misean le forbairt acmhainní chun feabhas a chur ar an tslándáil ag teorainneacha na Libia ar talamh, ar muir agus ón aer. 

Cuireadh tús leis an misean i mí Bealtaine 2013 le Cinneadh 2013/233/CBES. Leasaíodh é agus cuireadh síneadh leis le Cinneadh (CBES) 2015/2276 i mí na Nollag 2015.

Is i dTúinis atá sé lonnaithe faoi láthair, agus cuireadh síneadh lena shainordú go ceann sé mhí eile go dtí an 21 Lúnasa 2016 ionas go mbeifear in ann breis tacaíochta a thabhairt don phleanáil shibhialtach.  Tá údarú faighte ag an misean cur leis an bhfoireann, rud a fhágann go mbeidh 16 ball foirne idirnáisiúnta ann anois.  Tá buiséad EUR 4.475 milliún ag an misean.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024