- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 14 Márta 2016 10:35
An Bhurúin: Déanann an tAontas Eorpach an comhairliúchán faoi Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou a thabhairt chun críche
Ar an 14 Márta 2016, rinne an Chomhairle an comhairliúchán leis an mBurúin faoi Airteagal 96 de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (Comhaontú Cotonou) a thabhairt chun críche. Ní leor na gealltanais a mhol Rialtas na Burúine chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Aontais. Tá an tAontas tar éis tacaíocht dhíreach airgeadais chuig riarachán na Burúine a chur ar fionraí, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach, ach coinneoidh sé air den tacaíocht iomlán airgeadais agus den chúnamh daonnúil ar fad a thabhairt do phobal na tíre.
Agus a cinneadh á dhéanamh aici, leag an Chomhairle amach bearta sonracha a bheidh le déanamh ag Rialtas na Burúine, a bhféadfadh comhar iomlán an athuair idir an dá thaobh a bheith mar thoradh orthu.
De réir Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: "Is ábhar imní i gcónaí é cás na Burúine don Aontas Eorpach, ach le déanaí tá tuar dóchais éigin tugtha faoi deara againn. Cuirtear i bhfios go soiléir le cinneadh an lae inniu go bhfuil súil againn le roinnt bearta nithiúla le gur féidir an caidreamh eadrainn a athbhunú go hiomlán an athuair. Féadfar an ghníomhaíocht atá á lorg againn a bhaint amach má táthar toilteanach agus meáite air: cuireann sí dlús leis na bearta agus leis na próisis atá ar bun ag an Aontas Afracach, ag Comhphobal Oirthear na hAfraice agus ag na Náisiúin Aontaithe cheana féin, agus ar léirigh 5 Cinn Stáit na hAfraice, a shainigh an tAontas Afracach, a sástacht ina leith. Go háirithe, táimid den tuairim go bhféadfaidh sí tacú leis an idirphlé laistigh den Bhurúin, a bhfeidhmíonn Comhphobal na hAfraice Thoir mar idirghabhálaí maidir leis agus atá ríthábhachtach d'fhonn teacht ar réiteach buan polaitiúil ar an ngéarchéim.”
Dúirt Neven Mimica, Coimisinéir an Aontais um Chomhar Idirnáisiúnta an méid a leanas freisin: "Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach leanúint air de thacú le muintir na Burúine chun dul i ngleic leis an ngéarchéim seo, inar cailleadh 400 duine agus inar gortaíodh na mílte cheana féin agus ar cuireadh iallach ar 240 000 duine tearmann a lorg i dtíortha in aice láimhe lena linn. Athdhearbhaímid go bhfuilimid i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na Burúine, arb iad na híospartaigh is mó atá thíos leis an ngéarchéim seo. Gríosaímid an Rialtas na gealltanais is gá a léiriú chun ár gcaidreamh leis an mBurúin a normalú an athuair. Idir an dá linn, tá tionscadail á n-ullmhú a fhaigheann maoiniú ón Aontas agus arb é is aidhm leo rochtain a áirithiú ar sheirbhísí bunúsacha don phobal, ach gan acmhainní airgeadais a threorú trí chuntais arna sealbhú ag Rialtas na Burúine agus tá an tAontas tiomanta i gcónaí do chúnamh éigeandála a chur ar fáil”.
Déanfar athbhreithniú ar an gcinneadh ón gComhairle go tráthrialta, ar a laghad uair amháin gach sé mhí, lena n-áirítear trí mhisin chomhpháirteacha faireacháin ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ag an gCoimisiún.
Cúlra
Ar an 8 Nollaig 2015, rinneadh comhairliúchán le Rialtas na Burúine faoi Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou, d’fhonn na hábhair imní sin a scrúdú agus teacht ar bhealaí chun iad a réiteach. Tionóladh an t-idirphlé i láthair ionadaithe ó na Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin, ón Aontas Afracach, ó Chomhphobal Oirthear na hAfraice agus ó na Náisiúin Aontaithe.
Le linn an chruinnithe, phléigh na páirtithe na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le luachanna agus prionsabail an daonlathais, le cearta an duine agus leis an smacht reachta arís go pras, bunaithe ar Chomhaontú Cotonou agus ar na prionsabail a leagtar amach i gcomhaontuithe Arusha. Mhol ionadaithe ó Rialtas na Burúine gealltanais. Mheas an tAontas go nuige seo, áfach, nach bhfuil siad sásúil.
Foráiltear le hAirteagal 96 an bunús dlí i dtaca le Comhaontú Cotonou a chur ar fionraí, tar éis tréimhse idirphlé, i gcásanna ina measann ceann amháin de na páirtithe nach gcloítear le gnéithe ríthábhachtacha bunúsacha an chomhaontaithe.
- Cinneadh ón gComhairle maidir le críoch a chur le comhairliúchán leis an mBurúin faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Cotonou
- An Bhurúin: Iarrann an tAontas Eorpach go gcuirfí tús leis an gcomhairliúchán dá bhforáiltear le hAirteagal 96 de Chomhaontú Cotonou
- Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou - nós imeachta comhairliúcháin
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024