Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 20 Meitheamh 2016 15:40

Conclúidí ón gComhairle maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir

  1. I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir le Próiseas síochána an Mheánoirthir, agus i ndlúthchomhar leis an gCeathairéad, in oirchill na tuarascála agus na moltaí atá le teacht uaidh - tá an tAontas Eorpach ag leanúint den obair lena chomhpháirtithe in Iosrael agus sa Phalaistín agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir sa réigiún agus níos faide i gcéin, chun teacht ar réiteach dhá stát. Caithfidh an dá pháirtí sa choinbhleacht a léiriú, trí bheartais agus trí ghníomhartha, go bhfuil siad tiomanta, dáiríre, do réiteach síochánta d’fhonn iontaoibh fhrithpháirteach a spreagadh an athuair agus chun na coinníollacha a chruthú le go bhféadfar dul i mbun caibidlíocht fhóinteach dhíreach lena ndírítear ar dheireadh a chur leis an bhforghabháil a tosaíodh sa bhliain 1967 agus ar na saincheisteanna go léir a bhaineann le stádas buan a réiteach.
  2. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh don Chomhairle an teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an tionscnamh síochána don Mheánoirthear a glacadh ag an gcruinniú a bhí ag na hAirí i bPáras ar an 3 Meitheamh 2016. Athdhearbhaíonn an Chomhairle a tacaíocht do réiteach cóir inbhuanaithe cuimsitheach ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín, agus don tsíocháin agus don chobhsaíocht sa réigiún.
  3. Tá rún daingean ag an Aontas, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile, cur ar bhealach nithiúil substaintiúil le sraith dhomhanda dreasachtaí le go ndéanfaidh na páirtithe síocháin in oirchill na comhdhála idirnáisiúnta atá le bheith ann faoi dheireadh na bliana. Chun na críche sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar SEGS tograí a chur i láthair gan mhoill, lena n-áirítear tograí i ndáil le dreasachtaí eacnamaíocha. Athdhearbhaíonn an Chomhairle freisin an togra Eorpach, de réir mar a formhuiníodh sna conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2013, i ndáil le pacáiste iomlán nua de thacaíocht, idir pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála, atá le tairiscint don dá pháirtí agus le forbairt leo i gcomhthéacs comhaontaithe faoin stádas deiridh.
Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024