Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 20 Meitheamh 2016 10:25

Comhphobal Oirthear na hAfraice: An tAontas Eorpach chun comhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch a shíniú leis an mBurúin, leis an gCéinia, le Ruanda, leis an Tansáin agus le hUganda

Ar an 20 Meitheamh 2016, d’údaraigh an Chomhairle, thar ceann an Aontais, go síneofaí an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (CCE) idir an tAontas agus Comhphobal Oirthear na hAfraice agus go gcuirfí i bhfeidhm ar bhonn sealadach é. Cuimsíonn Comhphobal Oirthear na hAfraice an Bhurúin, an Chéinia, Ruanda, an Tansáin agus Uganda.

Is é is cuspóir do na comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch feabhas a chur ar an gcomhtháthú réigiúnach agus ar an bhforbairt eacnamaíoch i nGrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Grúpa ACC). Is ar phrionsabal oscailt neamhshiméadrach an mhargaidh atá na comhaontuithe bunaithe, rud a chiallaíonn gur fearr go mór an rochtain a bheidh ag comhpháirtithe an Aontais i nGrúpa ACC ar mhargadh an Aontais. Leis na comhaontuithe sin, tabharfar deiseanna margaidh thar cuimse le haghaidh táirgí talmhaíochta agus iascaigh. Cuireadh CCE in ionad réimeas na bhfabhar aontaobhach a bhíodh ann roimhe seo, réimeas trína raibh rochtain ag an nGrúpa ACC ar na margaí.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024