- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20/06/2016, 20 Meitheamh 2016
Na príomhthorthaí
Sa phlé ar an tSaiheil agus leis an gcinneadh síneadh a chur le EUNAVFOR MED Oibríocht Sophia, dírítear go géar i gcónaí ar an obair a dhéanaimid i dtaca leis an imirce agus tá rún againn leanúint de smuigléirí daoine agus gáinneálaithe ar dhaoine a chomhrac.” Sin a dúirt an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini
An tSaiheil
Phléigh an Chomhairle cur chuige cuimsitheach an Aontais maidir le slándáil agus forbairt i réigiún na Saiheile agus ghlac sí conclúidí.
Rinne na hairí plé ar an mbealach chun an t-idirphlé polaitiúil agus an chomhpháirtíocht leis na tíortha G5 a neartú tuilleadh ó thaobh na slándála, na himirce agus na forbartha, lena n-áirítear, b'fhéidir neartú gné réigiúnaí mhisin leantacha EUCAP Sahel Mali agus EUCAP Sahel Niger agus oibríocht Mhisean Míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le traenáil Fhórsaí Armtha Mhailí.
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas maidir le cruinniú airí G5 na Saiheile a reáchtáladh sa Bhruiséil ar an 17 Meitheamh agus maidir leis an gcruinniú a bhí aici leis an Libia, Sead agus an Nígir i dtaca le bainistiú teorainneacha, a tionóladh faoi chuimsiú chruinniú na n-airí G5. Rinne sí trácht freisin ar an obair leanúnach maidir le creataí comhpháirtíochta, a bhaineann le Mailí agus an Nígir ó thaobh na Saiheile. Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin staid mar atá i dtaca le Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic, ina bhfuil suim iomlán mhaoiniú ón Aontas cothrom le EUR 2.3 billiún, ar ciste é faoinar tugadh gealltanas cheana EUR 530 milliún a thabhairt do thionscadail i réigiún na Saiheile. Le linn an phlé, leag na hairí béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le comhaontú síochána Mhailí a chun feidhme go hiomlán, díreach bliain amháin tar éis a shínithe.
EUNAVFOR MED Oibríocht Sophia
Chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUNAVFOR MED Oibríocht Sophia go dtí an 27 Iúil 2017, arb í oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais chun cur isteach ar samhail ghnó na smuigléirí daoine agus na ngáinneálaithe ar dhaoine i nDeisceart na Meánmhara Láir. D’atreisigh an Chomhairle sainordú na hoibríochta freisin trí dhá chúram tacaíochta a chur leis: Oiliúint a chur ar ghardaí cósta agus ar chabhlach na Libia agus rannchuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia.
Próiseas síochána an Mheánoirthir
Phléigh na hairí próiseas síochána an Mheánoirthir, i bhfianaise cruinniú a bhí ag na hairí i bPáras ar an 3 Meitheamh 2016 a bhain le tionscnamh síochána don Mheánoirthear. Chuir Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh phróiseas síochána an Mheánoirthir, Fernando Gentilini, na hairí ar an eolas, go háirithe maidir leis an staid mar atá i dtaobh tuarascáil ón gCeathairéid atá ar na bacáin.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Outcome of the Council meeting
- Cúlra faisnéise
- Indicative programme - Foreign Affairs Council of 20/06/2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Meitheamh 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Meitheamh 2016
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Meitheamh 2016
- List of participants
Preaseisiúintí
Preaseisiúint chomhpháirteach ón seachtú cruinniú de chuid na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró - 20/06/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSaiheil - 20/06/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Artach - 20/06/2016
Tuarascáil bhliantúil maidir le cearta an duine agus an daonlathas sa domhan in 2015 - 20/06/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir le slándáil bia agus cothaithe - 20/06/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh le Burma/Maenmar - 20/06/2016
Council conclusions on business and human rights - 20/06/2016
Council conclusions on child labour - 20/06/2016
Comhphobal Oirthear na hAfraice: An tAontas Eorpach chun comhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch a shíniú leis an mBurúin, leis an gCéinia, le Ruanda, leis an Tansáin agus le hUganda - 20/06/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025