- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Iúil 2016 16:00
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an tuarascáil ó Cheathairéad an Mheánoirthir
Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil sé lántiomanta do réiteach dhá stát a bhaint amach agus do na beartais atá aige cheana féin mar a leagtar amach iad sna conclúidí comhleanúnacha ón gComhairle agus gur cúis imní dó na bagairtí méadaitheacha ar an réiteach sin.
Is díol sásaimh don Aontas, dá bhrí sin, gur foilsíodh an tuarascáil ó Cheathairéad an Mheánoirthir agus tacaíonn sé leis na moltaí atá inti, ar moltaí iad a fhónfaidh chun dálaí a chruthú trína bhféadfar an réiteach dhá stát a bhaint amach. Cuireann an tAontas in iúl gur cúis imní dó a bhfuil ar siúl ar an talamh agus iarrann sí ar na páirtithe dul i dteagmháil leis an gCeathairéad go pras agus leis na páirtithe leasmhara eile lena mbaineann agus na moltaí sin a chur chun feidhme ina n-iomláine. Le cur chun feidhme den sórt sin, thaispeánfadh na páirtithe go bhfuil siad tiomanta do réiteach síochánta, trí mhuinín fhrithpháirteach a atógáil agus trí na dálaí a chruthú le haghaidh caibidlíocht dhíreach fhóinteach lena réiteofar na saincheisteanna uile a bhaineann le stádas deiridh. Tá an tAontas Eorpach iomlán ullamh chun tacaíocht a thabhairt do na páirtithe sa phróiseas seo. I ndáil leis an méid sin, leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé go rachadh na páirtithe i ndlúthchomhar le chéile chun an obair leantach is gá a dhéanamh ar an gcruinniú a bhí ag na hairí i bPáras ar an 3 Meitheamh 2016 i ndáil leis an tionscnamh síochána don mheánoirthear, d’fhonn comhdháil idirnáisiúnta a reáchtáil mar a leagadh amach sna conclúidí ón gComhairle ar an 20 Meitheamh. Fairis sin tacaíonn an tAontas Eorpach leis an iarraidh go ndéanfar tuilleadh idirphlé, bunaithe ar an Tionscnamh Síochána Arabach, agus ar an bhfís atá ann i ndáil le síocháin chuimsitheach a bhaint amach.
Leanfaidh an tAontas air ag obair lena chomhpháirtithe Iosraelacha agus Palaistíneacha, in éineacht leis an gCeathairéad agus le páirtithe leasmhara eile sa réigiún agus níos faide i gcéin, d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh chun buansíocháin chóir, a bhunófar ar an réiteach dhá stát, a thabhairt ar an bhfód.
Tá na Tíortha seo is Iarrthóirí: Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró*, an tSeirbia* agus an Albáin*, an tír de chuid an Phróisis Chobhsaíochta agus Chomhlachais agus a d'fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo: an Bhosnia agus an Heirseagaivéin, agus Tíortha seo Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad: an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive, an Airméin agus an tSeoirsia, ag seasamh leis an Dearbhú seo.
*Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maja Kocijančič Urlabhraí SEGS
- +32 2 298 65 70
- +32 498 98 44 25
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024