Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 15 Meán Fómhair 2016 12:30

Cuireann an tAontas Eorpach síneadh le smachtbhannaí i gcoinne gníomhaíochtaí in aghaidh shláine chríche na hÚcráine

Chuir an Chomhairle síneadh 6 mhí le cur i bhfeidhm bearta sriantacha de chuid an Aontais lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí i gcoinne shláine chríche, cheannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine. Is éard atá i gceist leis na smachtbhannaí seo reo sócmhainní agus toirmeasc taistil in aghaidh 146 dhuine agus 37 n-eintiteas. Cuireadh síneadh leo go dtí an 15 Márta 2017.

Ba i mí an Mhárta 2014 a tugadh isteach na bearta agus cuireadh síneadh leo, an turas deireanach, i mí an Mhárta 2016. Nuair a rinneadh measúnú ar an gcás, níor measadh gur ghá athrú a dhéanamh ar chóras na smachtbhannaí ná ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas faoi bhearta sriantacha. Rinneadh faisnéis agus ráiteas ar na cúiseanna a bhain le liostú na ndaoine agus na n-eintitis sin a nuashonrú de réir mar ba ghá.

Tá na gníomhartha dlíthiúla le fáil in Iris Oifigiúil an Aontais, an 16 Meán Fómhair 2016. Glacadh an cinneadh trí nós imeachta i scríbhinn.

Tá roinnt bearta éagsúla de chuid an Aontais i bhfeidhm mar fhreagairt ar an ngéarchéim san Úcráin lena n-áirítear:

- smachtbhannaí eacnamaíocha lena ndírítear ar earnálacha sonracha de chuid gheilleagar na Rúise atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31 Eanáir 2017;

- bearta sriantacha mar fhreagairt ar nasc-ghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol, agus is ar chríoch na Crimé agus Sevastopol amháin a dhírítear na bearta sin, atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bheidh i bhfeidhm go dtí an 23 Meitheamh 2017.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024