Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 28 Deireadh Fómhair 2016 22:15

An comhaontú trádála idir AE agus Ceanada: Glacann an Chomhairle cinneadh CETA a shíniú

Ar an 28 Deireadh Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle pacáiste cinntí maidir leis an gcomhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála (CETA) le Ceanada trí nós imeachta i scríbhinn, lena n-áirítear:

  • cinneadh i ndáil leis an gcomhaontú a shíniú
  • cinneadh i ndáil leis an gcomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach
  • cinneadh i ndáil le toiliú a iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa chun an comhaontú a thabhairt chun críche

Ghlac ionadaithe na mballstát ionstraim léirmhínitheach chomhpháirteach chomh maith. Leis an ionstraim sin, ar téacs comhpháirteach le Ceanada í, cuirfear léirmhíniú ceangailteach ar fáil ar théarmaí CETA maidir le saincheisteanna sonracha.

“Tá an-áthas orm a dheimhniú go bhfuil an tAontas réidh leis an gcomhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála (CETA) a shíniú le Ceanada. Sprioc thábhachtach í seo i mbeartas trádála an Aontais agus i ndáil lenár dtiomantas ina thaobh sin" arsa Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice, ag a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi láthair. “Margadh nua-aimseartha agus forásach é CETA, a mbeidh deiseanna nua de thoradh air, ach lena gcosnaítear leasa tábhachtacha freisin. Thairis sin, d’fhéadfadh sé a bheith ina eiseamláir do chomhaontuithe trádála amach anseo.’

Bainfidh CETA níos mó ná 99% de tharaifí a fhorchuirtear faoi láthair ar an trádáil idir AE agus Ceanada. Leagtar amach leis ardchaighdeáin do chosaint tomhaltóirí, an chomhshaoil agus saothair.

Áirítear sa chomhaontú forálacha maidir le rochtain mhargaidh ar earraí, ar sheirbhísí, infheistíocht agus soláthar rialtais, mar aon le cearta maoine intleachtúla, bearta sláintíochta nó fíteashláintíochta, forbairt inbhuanaithe, comhar rialála, aitheantas frithpháirteach, éascú trádála, comhar i ndáil le hamhábhair, réiteach díospóidí agus bacainní teicniúla ar thrádáil.

Rinneadh an chaibidlíocht le Ceanada ar bhonn sainordaithe a chomhaontaigh an Chomhairle sa bhliain 2009. I ndiaidh cinneadh ón gComhairle i mí Mheán Fómhair 2011, cuireadh tús freisin le cainteanna maidir le cosaint infheistíochtaí laistigh de chreat CETA.

Ar an 5 Iúil 2016, mhol an Coimisiún go síneofaí agus go gcuirfí i gcrích an margadh mar chomhaontú ‘measctha’. Ar thaobh an Aontais, ciallaíonn sé sin gur gá don Aontas féin agus do na ballstáit é a shíniú agus gur gá do gach parlaimint náisiúnta agus réigiúnach ábhartha é a dhaingniú.

Cuirfear an comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach a luaithe is a bheidh toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa chun é a thabhairt i gcrích, go dtí go ndaingneoidh gach ballstát é. Bainfidh an cur i bhfeidhm sealadach den chuid is mó le forálacha inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhaontú comhpháirtíochta straitéisí

Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le comhaontú comhpháirtíochta straitéisí idir AE agus Ceanada a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach freisin. Leis an gcomhaontú sin féachtar leis an idirphlé polaitiúil agus leis an gcomhar idir an tAontas agus Ceanada a threisiú agus déanfar caidreamh a neartú i réimsí amhail cearta an duine, an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta, an fhorbairt eacnamaíoch agus inbhuanaithe, an ceartas, an tsaoirse agus an tslándáil.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025