Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, an Bhruiséil, 30/10/2016, 30 Deireadh Fómhair 2016

Na príomhthorthaí

Ar an 30 Deireadh Fómhair 2016, tháinig ceannairí an Aontais agus Príomh-Aire Cheanada le chéile sa Bhruiséil don 16ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada.

Rinne Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice ag a bhfuil uachtaránacht rothlach na Comhairle, agus Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir AE agus Ceanada a shíniú ag an gcruinniú mullaigh.

Is é CETA an comhaontú trádála is cuimsithí agus is forásaí idir an tAontas agus Ceanada. Le CETA, baintear breis is 99% de na taraifí lena gcuirtear bac ar an trádáil idir an tAontas agus Ceanada i láthair na huaire. Meastar go dtiocfaidh méadú EUR 12 bhilliún ar an trádáil dhéthaobhach in aghaidh na bliana le CETA, agus go gcruthófar fás agus poist nua ar an dá thaobh den Atlantach.

Ina theannta sin, shínigh na ceannairí an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA). Le SPA, neartaítear an comhar idir an tAontas agus Ceanada i réimsí amhail an beartas eachtrach, bainistíocht géarchéime, cúrsaí slándála agus cosanta, cúrsaí fuinnimh agus aeráide, soghluaisteacht fheabhsaithe agus idirphlé idirphearsanta.

Ghlac siad dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas agus Ceanada.

Sa dearbhú comhpháirteach gheall na ceannairí go neartóidís an comhar idirnáisiúnta idir an tAontas agus Ceanada agus i bhfóraim idirnáisiúnta éagsúla agus maidir le roinnt saincheisteanna:

An Úcráin

Rinne siad cáineadh ar leith ar an nasc-ghabháil mhídhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus ar Sevastopol. Leag siad béim ar a thiomanta atá siad do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus d’iarr siad ar na páirtithe ar fad Comhaontú Mhionsc a chur chun feidhme.

An tSiria

D’iarr na ceannairí go mbeadh sos comhraic láithreach ann agus go ndéanfaí a seacht ndícheall chun teacht ar réiteach polaitiúil. D’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad le hobair Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe de Mistura agus lena iarrachtaí chun an bealach a réiteach le dul i mbun cainte an athuair laistigh den tSiria.

Imirce agus dídeanaithe

Chuir an tAontas agus Ceanada in iúl go láidir gur gá an t-ualach a roinnt ar fud an domhain chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce agus na ndídeanaithe. Neartóidh an dá pháirtí an comhar eatarthu sa réimse seo. Is díol sásaimh don Aontas iarrachtaí Cheanada le dídeanaithe na Siria a athlonnú.

Ba é ceann de thorthaí an chruinnithe mullaigh ceanglais víosa a tharraingt siar i gcás shaoránaigh uile an Aontais lena n-áirítear cinneadh Cheanada na ceanglais a tharraingt siar i gcás shaoránaigh uile na Bulgáire agus na Rómáine amach sa bhliain 2017.

 

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025