- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Samhain 2016 11:05
Ag cruinniú bliantúil ECOFIN-CSTE díríodh ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an infheistíocht
Bhí a gcruinniú bliantúil ag airí eacnamaíochta agus airgeadais CSTE agus ECOFIN chun plé a dhéanamh ar ábhair leasa choitinn eacnamaíocha, airgeadais agus pholaitiúla. I gcomhthéacs an téarnaimh mheasartha eacnamaíoch san Eoraip, dhírigh siad sa phlé a bhí acu ar an straitéis beartais iomchuí chun fás eacnamaíoch agus fostaíocht a neartú, agus béim á leagan ar bhorradh a chur faoi infheistíochtaí maolaithe ar fud na mór-roinne.
“Bhí malartú tuairimí an-úsáideach againn lenár gcomhpháirtithe ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ón Iorua agus ón Eilvéis maidir leis an staid eacnamaíoch reatha agus an timpeallacht infheistíochta san Eoraip. Tá comhar dea-fheidhmiúil ríthábhachtach don dá thaobh inár n-iarrachtaí chun fás eacnamaíoch a spreagadh agus borradh a chur faoi ghníomhaíocht infheistíochta, idir phoiblí agus phríobháideach, san Eoraip.”
Peter Kažimír, Aire Airgeadais na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Ag aithint dóibh go bhfuil infheistíochtaí thíortha CSTE gar don leibhéal a bhí ann roimh thús na géarchéime, d’aithin na páirtithe tábhacht na mbeartas lena ndírítear ar bhorradh a chur faoi leibhéil infheistíochtaí san Eoraip. Sa réimse sin, chuir airí béim ar athchóirithe struchtúracha chun feabhas a chur ar an táirgiúlacht agus bacainní ar an infheistíocht a bhaint, ar rialáil fhónta airgeadais a dhíríonn ar choigiltis a threorú chuig tionscadail infheistíochta agus ar chur i gcrích an mhargaidh aonair. Measadh gur spreagadh tábhachtach ar iarrachtaí beartais den chineál sin é plean Infheistíochta an Aontais Eorpaigh don Eoraip.
D’aithin airí freisin an leibhéal suntasach idirspleáchais idir geilleagar an Aontais agus geilleagar CSTE. Mar gheall ar chor chun donais eacnamaíoch i ngrúpa tíortha amháin, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar leantach láithreach ar áiteanna eile san Eoraip. Dá bhrí sin, ní fhéachann an tAontas agus CSTE ar a chéile mar “tríú tíortha” ach mar chomharsana leis na dúshláin agus tosaíochtaí eacnamaíocha céanna. Tugann Brexit spreagadh breise don chlár oibre sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024