- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 1 Nollaig 2016 11:15
Sábháilteacht eitlíochta, EASA agus rialacha maidir le ladrainn: Glacann an Chomhairle a seasamh
Ar an 1 Nollaig 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta faoi rialacha comhchoiteanna athbhreithnithe maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta chomh maith le sainordú nua le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA). Áirítear sa dréachtrialachán na chéad rialacha uile-Aontais maidir le heitilt shábháilte ladrann sibhialta san aerspás Eorpach.
Leis an ‘rialachán bunúsach sin maidir le EASA’, féadfaidh earnáil eitlíochta an Aontais leanúint de bheith ag forbairt go sábháilte amach anseo. Leagtar amach ann coinníollacha faoina bhféadfaidh tionscal na heitlíochta bláthú agus a bheith iomaíoch agus nuálach i gcónaí sa mhargadh domhanda. Is gá na rialacha a athchóiriú chun glacadh leis an méadú 50 % ar aerthrácht a bhfuil súil leis sa 20 bliain amach romhainn agus chun an eitlíocht a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar an iomaíochas domhanda láidir.
“Is forbairt thábhachtach é an t-athchóiriú ar eitlíocht shibhialta le go mbeidh tionscal na heitlíochta iomaíoch nuálach agus le go seasfaidh sé an fód ar feadh na haimsire. Is deas liom go bhfuil na rialacha comhréireach le rioscaí agus go bhfuil deis á tabhairt don eitlíocht glacadh le nuálaíocht agus le forbairtí amach anseo, amhail ladrainn. Agus tá an bealach á réiteach againn do na Ballstáit acmhainní a chomhthiomsú agus a chomhroinnt le chéile, rud atá ríthábhachtach chun saineolas a scaipeadh.”
Arpád Érsek, Aire Iompair, Foirgníochta agus Forbartha Réigiúnaí na Slóvaice
Nuálaíocht a spreagadh le rialáil sábháilteachta atá níos comhréirí
Tugtar isteach leis an athchóiriú rialacha comhréireacha rioscabhunaithe chun an maorlathas a laghdú agus chun nuálaíocht a spreagadh, agus é á aithint go bhfuil na rioscaí lena mbaineann in earnálacha éagsúla na heitlíochta sibhialta éagsúil ó chéile. Aerárthaí lena mbaineann rioscaí níos ísle, amhail héileacaptair nó aerárthaí spóirt éadroma, beidh siad faoi réir nósanna imeachta formheasta a bheidh níos simplí agus níos saoire ná san eitlíocht tráchtála.
Rialacha maidir le ladrainn chun sábháilteacht, slándáil agus príobháideachas a áirithiú
Le rialacha uile-Aontais maidir le ladrainn, tabharfar na bunphrionsabail maidir le sábháilteacht, slándáil agus príobháideachas a áirithiú. Tugtar isteach leis an téacs cinnteacht dhlíthiúil do thionscal atá ag fás go gasta agus ina gcuimsítear mórán fiontar beag agus meánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta.
Ar chúiseanna sábháilteachta, cuimsítear na ladrainn uile, ó ‘bhréagáin’ bheaga nach bhfuil ach cúpla gram iontu go haerárthaí móra gan foireann a d’fhéadfadh a bheith chomh trom agus chomh tapa le heitleán. Tá an tAontas inniúil i láthair na huaire maidir le haerárthaí gan foireann atá níos troime ná 150 kg a rialáil, fad atá ladrainn éadroma faoi réir rialacha náisiúnta.
Ós rud é go bhfuil go leor éagsúlachtaí idir na rioscaí a eascraíonn as oibríochtaí ladrann, ba cheart na rialacha a dhéanamh comhréireach. Go háirithe, ba cheart a thabhairt ar aird leis na rialacha sin a mhéid a d’fhéadfaí aerthrácht eile nó daoine ar an talamh a chur i mbaol. Beidh deimhniú de dhíth i gcás oibríochtaí lena ngabhann ardriosca, fad nach mbeadh de dhíth i gcás ladrainn lena ngabhann an riosca is ísle ach iad a bheith i gcomhréir le gnáthshasraí faireachais margaidh an Aontais.
A mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol a chosaint, caithfidh ladrainn na rialacha maidir le torann agus astaíochtaí CO2 a urramú, fearacht aon aerárthaigh eile.
Ar bhonn na bprionsabal sin, forbróidh EASA, trí ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún, rialacha níos mionsonraithe maidir le ladrainn. Ar an gcaoi sin, is fusa a bheidh sé iad a nuashonrú de réir mar a fhorbraíonn an teicneolaíocht. D’fhoilsigh EASA rialachán ‘fréamhshamhla’ maidir le ladrainn cheana féin.
Leis na bearta cur chun feidhme, ba cheart leas a bhaint as dea-chleachtais na mBallstát agus saintréithe áitiúla na mBallstát, amhail dlús daonra, a chur san áireamh. Ina theannta sin, beidh sé de cheart ag na Ballstáit oibríochtaí ladrann a theorannú ar chúiseanna slándála, príobháideachais cosanta sonraí nó cúrsaí comhshaoil mar shampla, díreach mar atá siad in ann oibríochtaí aeir d’aon chineál eile a theorannú.
Roinnt gnéithe eile den togra
Leis na rialacha nua, cuirfear dlús le comhar idir tíortha an Aontais, an Coimisiún agus EASA maidir le hábhair slándála a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta, amhail an chibearshlándáil agus eitilt thar limistéir choinbhleachta. Iarrfar cúnamh teicniúil ar EASA in ábhair mar a bhfuil idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil, óir is faoi inniúlacht na mBallstát a thagann saincheisteanna a bhaineann le slándáil náisiúnta agus le slándáil náisiúnta amháin. Maidir le buiséad EASA, ba údar imní an moladh a rinneadh ar dtús go dtabharfaí isteach muirir faoi bhealach mar fhoinse nua maoiniúcháin, a mhéid a bhaineann le neodracht chostais agus le deacrachtaí dlíthiúla agus praiticiúla. Dá bhrí sin, ní dhéanfar athrú ar bith ar mhaoiniú EASA. Faoin gcóras atá ann faoi láthair, tagann 70 % de mhaoiniú EASA ón tionscal agus an chuid eile ó bhuiséad an Aontais. Ar an gcuma chéanna, níor cheart aon sásra maoirseachta eile a chruthú lena gcuirfí ar chumas EASA cúraimí maoirseachta áirithe a ghabháil de láimh. Maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann easnaimh shábháilteachta a chur ina gceart, tugtar aghaidh air trí mhodhanna eile amhail an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana féin trí shaineolaithe náisiúnta a chomhthiomsú nó trí mhaoirseacht chomhpháirteach arna déanamh ag roinnt údarás inniúil náisiúnta. Ina theannta sin, beidh an deis ag na Ballstáit a n-acmhainní a chomhthiomsú agus a chomhroinnt le chéile, mar ghrúpa ina mbeidh cúig rannpháirtí ar a mhéid, chun aerlíne a mhaoirsiú más mian leo amhlaidh a dhéanamh.
Conas a dhéanfar dlí den togra?
Beidh an cur chuige ginearálta mar sheasamh ón gComhairle don phlé le Parlaimint na hEorpa. Tá gá le comhaontú ón dá institiúid le go nglacfar an gníomh dlíthiúil.
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024