Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 01-05/12/2016, 1-5 Nollaig 2016

Príomhthorthaí

Iompar - 1 Nollaig

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh faoi rialacha sábháilteachta le haghaidh eitlíocht shibhialta a athbhreithniú. Tá sainordú nua sa dréachtrialachán don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. Tá na chéad rialacha uile-Aontais faoi ladrainn shibhialta mar chuid de, freisin, chun go mbeidh ladrainn in ann eitilt go sábháilte san aerspás Eorpach agus le go bhféadfar borradh a chur faoin tionscal seo atá ag fás go gasta.

Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le dhá thogra atá mar chuid d’athbhreithniú ar shábháilteacht ar longa paisinéirí, freisin, is iad sin: treoir ‘ghinearálta’ athbhreithnithe maidir le rialacha sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí agus córas cigireachta simplithe do bháid farantóireachta róró agus d’árthaí paisinéirí mórluais.

Ina theannta sin, thug na hairí dá n-aire staid an dul chun cinn a rinneadh maidir le rialacha athbhreithnithe faoi phaisinéirí long a chlárú agus is é sin an tríú togra atá faoi athbhreithniú.

“Teastaíonn ó shaoránaigh a bheith slán sábháilte agus iad ag bogadh ó áit go háit. Ba cheart soláthar ardchaighdeán sábháilteachta sna modhanna iompair ar fad a bheith mar phríomhábhar tosaíochta againn. B’in é príomhthéama ár bpléití ar fad inniu, i ndáil le heitlíocht agus loingseoireacht araon. Is díol sásaimh dom gur ghníomhaigh an Chomhairle go gasta ó thaobh rialacha sábháilteachta eitlíochta sibhialta agus rialacha sábháilteachta long paisinéirí. Sin an dóigh a n-oibríonn an Chomhairle chun tairbhe saoránach agus baineann sí torthaí nithiúla amach.”

Arpád Érsek, Aire Iompair, Foirgníochta agus Forbartha Réigiúnaí na Slóvaice agus Cathaoirleach na Comhairle

Ghlac an Chomhairle sainordú, freisin, gan é a phlé, lena bhféadfaidh an Coimisiún dul i mbun caibidlíochta faoi chomhaontú cuimsitheach aeriompair leis an Airméin. Cuirfear feabhas ar nascacht bunaithe ar rialacha comhchoiteanna mar gheall ar an gcomhaontú, agus beidh sé mar aidhm aige, i ndeireadh na dála, acquis an Aontais maidir le heitlíocht a chur chun feidhme go huile is go hiomlán sa tír chomharsanachta sin.

Teileachumarsáid - 2 Nollaig

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le rialacha nua i ndáil le margaí fánaíochta mórdhíola san Aontas. Is céim thábhachtach í sin le hullmhú do dheireadh a chur le táillí fánaíochta tomhaltóirí ar an 15 Meitheamh 2017 mar a comhaontaíodh. Is é an cur chuige ginearálta a bheidh mar phointe tosaigh don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.

“Cá bhfuil an té nach mian leis an nasc a choinneáil agus cumarsáid a dhéanamh le linn dó a bheith ag taisteal nó ar saoire? Beidh sé seo .i. deireadh a chur le táillí fánaíochta, ar an mórbheart is nithiúla dár thug an tAontas i gcrích riamh, dar lena lán daoine. Tá sé thar a bheith tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaimid ionchais na saoránach a réadú. Is díol sásaimh domsa inniu an cinneadh gasta a rinne an Chomhairle teacht ar chomhaontú faoi uasteorainneacha fánaíochta mórdhíola, d’fhonn gur féidir dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa agus ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a thabhairt ar an bhfód ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.”

Arpád Érsek, Aire Iompair, Foirgníochta agus Forbartha Réigiúnaí na Slóvaice

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta páirteach maidir le togra faoina ndéanfaidh an tAontas naisc idirlín WiFi4EU a shuiteáil saor in aisce i bpobail áitiúla.

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le tograí a rinneadh le déanaí faoi rialacha teileachumarsáide an Aontais a athchóiriú. Léirigh siad gur thacaigh siad leis na cuspóirí nascachta sna tograí agus d’aontaigh siad gur gá oibriú as láimh a chéile chun iad a bhaint amach, 5G san áireamh. Ag an am céanna, leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le coimhdeacht a urramú agus rialú a dhéanamh i gcás gur gá, agus sa chás sin amháin. Beifear in ann aon obair a dhéanfar ar an leibhéal teicniúil amach anseo a stiúradh i bhfianaise na dteachtaireachtaí ón díospóireacht.

Thug na hairí dá n-aire an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an togra chun an mhaoirseacht rialála agus trédhearcacht praghsanna a mhéadú le haghaidh seirbhísí beartseachadta trasteorann.

Le linn am lóin, thug na hairí treoir don Choimisiún le haghaidh obair a dhéanfar amach anseo maidir le saorshreabhadh sonraí. Le linn an phlé, díríodh ar shaincheisteanna amhail logánú sonraí agus bacainní eile ar shaorshreabhadh sonraí, na príomhbhacainní ar nuálaíocht sa todhchaí agus ar fhás gheilleagar na sonraí, agus rialú sonraí úsáideoirí.

“Léirigh ár n-uachtaránacht go dtacaíonn sí go mór agus go daingean le margadh aonair digiteach atá láidir, cothrom agus iomaíoch. Thugamar aird ar leith ar dheireadh a chur le bacainní i r-thráchtáil trí gheobhlocáil agus thugamar aird ar leith ar an méid seo a leanas a éascú: seirbhísí leictreonacha a úsáid i riarachán poiblí agus ábhar digiteach a chur ar fáil. Lena chois sin, thugamar aird ar leith ar an tábhacht a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus cibearshlándáil. Chuir mé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle inniu faoin dul chun cinn mór atá déanta.”

Peter Pellegrini, Leas-Phríomh-Aire na Slóvaice d’Infheistíochtaí agus don tSochaí Faisnéise

Fuinneamh - 5 Nollaig

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an togra le haghaidh rialachán i ndáil le bearta chun slándáil an tsoláthair a choimirciú.

Is é is aidhm don rialachán creat réigiúnach costéifeachtach de chuid an Aontais a chruthú chun tionchar cur isteach a d’fhéadfadh tarlú sa soláthar gáis a laghdú agus cinnteacht an tsoláthair gáis a mhéadú ar fud an Aontais dá bharr sin. Is uirlisí tábhachtacha iad comhar agus comhordú réigiúnach feabhsaithe lena chinntiú go n-oibreoidh na allstáit gualainn ar ghualainn le chéile, le go mbeidh níos mó muiníne acu as a chéile agus leis an margadh inmheánach fuinnimh a neartú.

Thángthas ar chomhréiteach maidir leis na saincheisteanna seo a leanas: comhar réigiúnach, malartú faisnéise faoi chonarthaí gáis tráchtála agus dlúthpháirtíocht

  • comhar réigiúnach: bunaithe ar ghrúpaí allstát a sainaithníodh ar bhonn na bpríomhrioscaí do sholáthar gáis an Aontais
  • malartú faisnéise: thabharfaí fógra chuig an údarás inniúil faoi chonarthaí fadtéarmacha lena gcuirtear 40% nó níos mó den tomhaltas bliantúil gáis ar fáil sa hallstát lena mbaineann. Dhéanfadh an t-údarás inniúil na conarthaí sin a mheas, go háirithe maidir lena dtiochar ar shlándáil an tsoláthair gáis sa hallstát agus sa réigiún
  • dlúthpháirtíocht: ba cheart dlúthpháirtíocht, mar aon le prionsabail ghinearálta maidir le cúiteamh a shainiú i dtéacs an rialacháin agus ag an am céanna ba cheart a ligean do na allstáit a staid náisiúnta shonrach féin a chur san áireamh chomh maith le cineálacha cur chuige éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann chun cúiteamh a ríomh

“Is saincheist lárnach é cinnteacht an tsoláthair gáis agus ní mór do thíortha gníomhú toisc gur aithníodh go bhfuil leas coiteann againn. Bhí tábhacht leis an díospóireacht inniu mar tá stiúir an-soiléir againn anois i dtaobh an rialacháin um chinnteacht an tsoláthair gáis i dtrí phríomhréimse. Tá áthas orm go bhfuiltear ag teacht ar réiteach. Tá sé mar aidhm againn an treoir pholaitiúil seo a athrú a luaithe is féidir agus sainordú a fháil chun go bhféadfaidh an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht leis an bParlaimint.”

Peter Žiga, an tAire Geilleagair agus Cathaoirleach na Comhairle

Rinne an Coimisiún cur i láthair le haghaidh na Comhairle faoina “Phacáiste Fuinnimh Ghlan” faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Fuinnimh. Mar chuid de tá reachtaíocht faoi éifeachtúlacht fuinnimh, an mhargaidh , foinsí inathnuaite agus rialachas fuinnimh.

Ina theannta sin, thug an Chomhairle faisnéis ón Uachtaránacht dá haire faoin staid mar atá ó thaobh dhá chomhad thábhachtacha reachtaíochta ar tháinig an Chomhairle ar chineálacha ginearálta cur chuige ina leith.

  • an cinneadh faoi shásra malartaithe faisnéise maidir le comhaontuithe idir-rialtasacha idir allstáit agus tríú tíortha: reáchtáladh dhá chruinniú thríthaobhacha ar an 8 agus ar an 24 Samhain. Tá dul chun cinn mór déanta agus thángthas ar chomhaontú sealadach ar roinnt ábhar. Beidh an tríú cruinniú tríthaobhach ar siúl ar an 7 Nollaig.
  • an rialachán maidir le lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh: reáchtáladh trí chruinniú thríthaobhacha faoi Uachtaránacht na Slóvaice i mí Iúil, i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2016. Thángthas ar chomhaontú sealadach maidir leis an gcuid is mó de na saincheisteanna polaitiúla nach saincheisteanna lárnacha iad. Thíolaic an Uachtaránacht tograí comhréitigh, freisin, maidir leis na saincheisteanna lárnacha a bhaineann le hathscálú agus leis an mbunachar sonraí ós rud é go bhféadfadh an tríú cruinniú tríthaobhach a bheith ann.

 

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025