Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 21 Márta 2017 09:25

Ráiteas ón Ardionadaí, Federica Mogherini, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar an Lá Idirnáisúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú

Ar an Lá Idirnáisúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú, cuirtear i gcuimhne dúinn go bhfuil fir, mná agus leanaí mórthimpeall an domhain ag fulaingt i gcónaí de dheasca an idirdhealaithe ar bhonn a gcine, ar bhonn an dath atá ar a gcraiceann, ar bhonn a nginealaigh, ar bhonn na sainaicme lena mbaineann siad, ar bhonn reiligiúin, agus ar bhonn a mbunús eitneach nó a mbunús náisiúnta. Bíonn na cearta is bunúsaí á gcoinneáil uathu agus mar sin is measa dóibhsean, thar dream ar bith eile, an bhochtaineacht agus an éagothroime.

Is fada ó dhíothú é ach a mhalairt - is amhlaidh atá méadú tagtha ar an bhfuathchaint agus ar léirithe eile ciníochais, ar an idirdhealú ciníoch agus ar an tseineafóibe. Cuireann sin as don chomhionannas, don tsaoirse, don dlúthpháirtíocht agus don cheartas ar fud an domhain.

Tá rún daingean ag an Aontas i gcónaí cur i gcoinne gach cineál idirdhealaithe chiníoch, laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Oibrímid i gcomhar leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar ghníomhaíochtaí a chuirfidh cruth eile ar an scéal: rinneamar socrú le mórchuideachtaí TF chun gníomhú i gcoinne na fuathchainte ar an idirlíon. Chruthaíomar ardáin amhail Grúpa Ardleibhéil an Aontais Eorpaigh maidir le dul i ngleic leis an gciníochas, leis an tseineafóibe agus le cineálacha eile éadulaingthe. Tacaímid leis an malartú dea-chleachtais. Tá gníomh á dhéanamh againn chun an tuiscint idir na pobail a fheabhsú agus tá aghaidh á tabhairt againn ar na húdair imní atá ag na grúpaí lena mbaineann, lena n-áirítear pobal na nGiúdach agus pobal na Moslamach. Táimid ag iarraidh feabhas a chur ar lánpháirtiú na n-imirceach agus ag iarraidh oideachas ar ardchaighdeán a chothú. Táimid ag iarraidh an ciníochas, an t-idirdhealú ciníoch agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac, laistigh den Aontas Eorpach féin agus i gcomhar leis na tíortha comhpháirtíochta.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, táimid ag tacú go dílis le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú. Táimid seasta i mbun gnímh le go gcuirfí Dearbhú Durban chun feidhme ar fud an domhain mar aon le Clár Gníomhaíochta Chomhdháil Dhomhanda na bliana 2001 in aghaidh Ciníochais, Idirdhealú Ciníoch, Seineafóibe agus aon Éadulaingt atá bainteach leo. Trí na gealltanais a thugamar maidir le Deich mBliana Dhaoine de Shliocht Afracach, táimid ag féachaint leis freisin go dtabharfar aird ar an idirdhealú a fhulaingíonn pobail de shliocht Afracach ar fud an domhain.

Is dúshlán atá roimh mhuintir an domhain uile é an t-idirdhealú ciníoch a dhíothú, dúshlán nach mór don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne, do na heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcoitinne agus don tsochaí shibhialta i gcoitinne dul i ngleic leis. Táimid go léir freagrach as cearta an duine, is é sin le rá ár gcearta féin, a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ní bheidh meas ar dhuine ar bith mura mbeidh meas orainn go léir mar dhaoine daonna, mura mbeidh meas ar shaibhreas ár gcultúr ná ar ár n-éagsúlacht.

Tá na Tíortha is Iarrthóirí, an Tuirc, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró*, an tSeirbia* agus an Albáin*; tír an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tír a d'fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Bhosnia agus an Heirseagaivéin, agus na tíortha ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia, ag seasamh leis an dearbhú seo.

* Tá Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024