- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 11 Bealtaine 2017 11:30
Seirbhísí airgeadais: Formheasann an Chomhairle clár faoina mbeidh tomhaltóirí páirteach i gceapadh beartas
Ar an 11 Bealtaine 2017, d’fhormheas an Chomhairle clár maidir le rannpháirtíocht tomhaltóirí i gceapadh beartas i seirbhísí airgeadais a chur chun cinn.
Tagann an clár nua sna sála ar iarrachtaí chun muinín san earnáil airgeadais a athbhunú i ndiaidh na géarchéime airgeadais.
Glacadh an rialachán ag cruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, gan phlé.
Ar an 27 Aibreán 2017, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an clár, ag a bhfuil buiséad €6 mhilliún chun an tréimhse 2017-20 a chumhdach. Tagann an méid sin i ndiaidh comhaontú ar thángthas air le hionadaithe na Parlaiminte ar an 14 Feabhra 2017.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024