Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 11/05/2017, 11 Bealtaine 2017

Na príomhthorthaí

“Go dtí seo bhí ar iascairí na hEorpa níos mó ná 30 rialachán éagsúla a urramú, rud arb ionann agus creat dlíthiúil thar a bheith casta agus trom dóibh. Ba mhaith linn an saol a éascú dóibh, cinnteacht dhlíthiúil a ráthú agus go ndíreofar ar an nuáil. Le rialacha níos soiléire agus níos fearr, cabhrófar le cosaint ár bhfarraigí agus inbhuanaitheacht ár n-acmhainní iascaigh. Thar aon rud eile, tugann an seasamh ón gComhairle an chumhacht do phobal na hiascaireachta trí ról láithreach a thabhairt dó i bpróiseas na cinnteoireachta.”

Roderick Galdes, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Talmhaíocht agus uachtarán na Comhairle

Bearta teicniúla

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh maidir le togra le haghaidh rialacha nua i ndáil le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhuirí a chosaint, rialacha a thagraítear go minic dóibh mar “bhearta teicniúla”.

Iarrtar le seasamh seo na Comhairle na rialacha reatha a nuachóiriú maidir le conas, cá háit agus cathain is féidir le hiascairí iascaireacht a dhéanamh. Cumhdaítear leis seo acmhainní iascaigh a ghabháil agus a thabhairt i dtír, sonraíochtaí agus oibriú an trealaimh iascaireachta, chomh maith le bearta chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh acu ar speicis nó limistéir íogaire.

Fiabhras Afracach na muc i dtríú tíortha

Tugadh an Chomhairle cothrom le dáta leis an ábhar seo agus bhí deis aici plé a dhéanamh ar dhíothú fhiabhras Afracach na muc, go háirithe i ndáil le ról an Aontais i dtíortha comharsanachta amhail an Úcráin, an Bhealarúis agus an Mholdáiv. Chuir na toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh cur chuige ildisciplíneach agus comhordaithe ag an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an ngalar, agus dhearbhaigh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin lena mbaineann.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hAirí ar an eolas faoi dhearbhhú MedFish4Ever a glacadh ag an gcomhdháil aireachta maidir le hiascaigh Mheánmhara a tionóladh i Málta an 29-30 Márta, agus faoi Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin, atá beartaithe don 5-9 Meitheamh i Nua Eabhrac.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025