Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 15 Meitheamh 2017 13:05

Cosaint níos fearr d’oibrithe ar shubstaintí is cúis le hailse: tagann an Chomhairle ar chomhaontú

Tháinig an Chomhairle EPSCO ar chomhaontú lena gcinnteofar go gcosnófar breis agus 4 mhilliún oibrí ar nochtadh ar charcanaiginí agus ar shó-ghineacha sa láthair oibre.

Dar le hUachtarán na Comhairle, Helena Dalli gur "féidir na milliúin oibrí san Aontas a chosaint níos fearr sa láthair oibre ar shubstaintí ceimiceacha is cúis le hailse mar gheall ar an gcomhaontú seo. Tá sé seo tábhachtach go háirithe ós rud é gurb gurb í an ailse is cúis leis an gcuid is mó de na básanna a bhaineann leis an obair san Aontas."

Leis an treoir atá beartaithe, féachtar le teorainneacha níos doichte a thabhairt isteach maidir le luachanna nochta agus nodaireachtaí craicinn do chúig charcanaigin agus nodaireachtaí craicinn neamhspleách ar na teorainnluachanna do dhá charcanaigin eile agus mar sin, cumhdófar seacht gcarcanaigin ar an iomlán.

Seo a leanas na substaintí carcanaigineacha agus só-ghineacha a chumhdófar leis an treoir: Olaí mianraí a úsáidtear in innill dócháin inmheánaigh, meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) áirithe, tríchlóireitiléin, 4,4'-meitiléindi-ainilín, eipeaclóraihidrin, débhróimid eitiléine, déchlóiríd eitiléine.

Faisnéis chúlra

Thíolaic an Coimisiún an t-athbhreithniú atá beartaithe a bhaineann leis na hiarrscríbhinní I agus III den Treoir 2004/37/CE go háirithe i mí Eanáir 2017.

Bunaíodh na teorainnluachanna a coinníodh ar anailís a rinneadh ar iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na roghanna éagsúla beartais i gcás gach gníomhaí ceimiceach, ar chritéir a bunaíodh ar chomhairle eolaíoch a tháinig ón gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde agus ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhtháthú.

Chomhaontaigh an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) ar na teorainnluachanna freisin.
Tháinig an t-athbhreithniú i ndiaidh togra de chuid an Choimisiúin lena gcumhdaítear 13 oibreán carcanaigineach.
Táthar ag súil go nglacfaidh an Coimisiún pacáiste eile teorainnluachanna atá beartaithe ag tús na bliana seo chugainn.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024