- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 15-16/06/2017, 15-16 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
Saincheisteanna sláinte - 16 Meitheamh
Otracht i measc leanaí
Ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar na Ballstáit dul i ngleic leis an otracht i measc leanaí trí aghaidh a thabhairt ar an easpa gníomhaíochta coirp agus ar aiste bia mhífholláin. Iarrtar ar thíortha an Aontais an ghníomhaíocht choirp a chur cinn i scoileanna agus i gclubanna fóillíochta. Ba cheart dóibh freisin an fhógraíocht agus an urraíocht a laghdú ar bhianna atá lán siúcra agus ar bhianna lán de shaill atá dírithe ar leanaí agus ar dhéagóirí.
“Dúshlán mór is ea an otracht i measc leanaí, rud atá i bhfad níos forleithne ná mar a bhí agus nach mór aird a thabhairt air. Is mó seans go dtiocfaidh diaibéiteas, asma, hipirtheannas, agus galar cardashoithíoch ar dhaoine atá róthrom. Is measa an scéal siocair go mbeidh siadsan atá róthrom agus iad ina leanaí róthrom agus iad ina ndaoine fásta freisin. Dá bharr sin, ní mór dul i ngleic leis an tsaincheist sin gan mhoill”.
Chris Fearne, Aire Sláinte Mhálta agus Uachtarán na Comhairle
Comhar deonach idir córais sláinte
Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin ina spreagtar comhar deonach idir córais sláinte na mBallstát. D’fhéadfadh torthaí níos fearr a bheith ann d’othair agus do ghairmithe cúraim sláinte agus d'fhéadfadh éifeachtúlacht na gcóras sláinte a mhéadú dá bharr.
Féadfaidh comhar deonach feabhas a chur ar rochtain na n-othar ar chóir leighis, go háirithe i gcás na n-othar siúd a bhfuil galar neamhchoitianta orthu. B’fhéidir go gcuirfeadh sé leis an saineolas atá sna Ballstáit agus le rochtain ar theicneolaíochtaí nuálacha sláinte.
Comhaontaíodh go bhféadfaí, trí fhaisnéis maidir le beartais náisiúnta praghsála agus aisíocaíochta a mhalartú agus trí fhaisnéis maidir le comhaontuithe ar tháirgí cógaisíochta a comhroinnt, feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar ghiaráil na mBallstáit le linn caibidlíocht le lucht tionscail, agus go bhféadfaí rochtain níos fearr ar tháirgí íocshláinte a bheith ann.
Colún Eorpach na gceart sóisialta
Ba dhíol sásaimh d’airí sláinte an Aontais an togra ón gCoimisiún le haghaidh cholún Eorpach na gceart sóisialta. Bhí siad ar aon intinn faoin gcuspóir rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach agus leighis ar ardchaighdeán a chur ar fáil, ar choinníoll go mbeidh inniúlachtaí na mBallstát i dtaca le beartas sláinte á n-urramú. Chuir na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé traidisiúin agus sainiúlachtaí éagsúla a chur san áireamh agus táscairí le haghaidh chórais sláinte na mBallstát á roghnú.
Saincheisteanna fostaíochta agus beartais shóisialta - 15 Meitheamh
Phléigh an Chomhairle Seimeastar Eorpach 2017 agus d’fhormheas sí na gnéithe sin de na moltaí tír-shonracha a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta. Is é cuspóir foriomlán mholtaí 2017-2018 tuilleadh post a chur ar fáil agus dlús a chur leis an bhfás, agus cothroime shóisialta a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le treoir lena n-iarrtar oibrithe a chosaint ar shubstaintí carcanaigineacha san ionad oibre.
"Is féidir cosaint níos fearr ar shubstaintí ceimiceacha is cúis le hailse a thabhairt do na milliúin oibrí de chuid an Aontais san ionad oibre mar gheall ar an gcomhaontú seo. Tá sé seo tábhachtach go háirithe ós rud é gurb í an ailse is cúis leis an gcuid is mó de na básanna a bhaineann leis an obair san Aontas."
Helena Dalli, an tAire do ghnóthaí an Aontais agus don chomhionannas, Uachtarán na Comhairle
Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi thoradh na díospóireachta a bhí ar bun le linn an lóin faoin gcolún Eorpach do chearta sóisialta. Croíghné an cholúin is ea sraith 20 príomhphrionsabal agus príomhcheart chun tacú le margaí saothair agus córais leasa shóisialta chothroma a fheidhmíonn go maith.
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an treoir maidir le hoibrithe a phostú, arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta ann do sholáthraithe seirbhíse agus oibrithe ar phostú a chosaint ag an am céanna.
Thug sí dá haire an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an treoir maidir le hinrochtaineacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí áirithe i gcomhair daoine atá faoi mhíchumas, agus maidir le rialacháin leasaithe i ndáil le comhordú na gcóras slándála sóisialta.
Thug sí dá haire freisin an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis na treoracha maidir le cóir chomhionann agus maidir le mná ar bhoird chuideachtaí.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéisí lena n-áiritheofar gur fiú tairbhe na hoibre" agus maidir leis an tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal "Youth unemployment - have EU policies made a difference? (Dífhostaíocht i measc an aosa óig - an raibh tionchar ag beartais an Aontais uirthi?) An assessment of the Youth Guarantee and the Youth Employment Initiative". (Measúnú ar an ráthaíocht don aos óg agus ar an tionscnamh fostaíochta don aos óg).
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Evi Liaskou (fostaíocht agus beartas sóisialta) agus Jérôme Unterhuber (sláinte)
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025