- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 4 Iúil 2017 16:00
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó
Ar an 29 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2017/905[1] (CBES) lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle.
Leis an gCinneadh sin, leasaítear liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn Il a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES, agus cuirtear naonúr eile leis an liosta.
Tá na Tíortha is Iarrthóirí, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró* agus an Albáin*, agus na tíortha ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Íoslainn agus Lichtinstéin, mar aon le Poblacht na Moldóive ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid beartas náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Tugann an tAontas Eorpach an gealltanas sin dá aire agus cuireann sé fáilte roimhe.
[1] Arna fhoilsiú an 29.05.2017 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Uimh. L 138, lch. 6.
* Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maja Kocijančič Urlabhraí SEGS
- +32 2 298 65 70
- +32 498 98 44 25
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024