Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Iúil 2017 13:40

Príomhthorthaí chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an Libia

Conclúidí ón gComhairle

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an Libia. Is díol sásaimh don Aontas é gur ceapadh Ghassan Salamé mar Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a mbeidh ról lárnach idirghabhála aige bunaithe ar Chomhaontú Polaitiúil na Libia.

Aithnítear sna conclúidí gur bagairt é an foréigean a tharla le déanaí ar chobhsaíocht na Libia. Creideann an tAontas nach aon réiteach ar ghéarchéim na Libia úsáid na láimhe láidre. Athdhearbhaíonn an Chomhairle a cuid tacaíochta láidir do Chomhaontú Polaitiúil na Libia, agus don Chomhairle Uachtaránachta agus don Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta faoi stiúir Phríomh-Aire Sarraj Fayez, dhá údarás a bunaíodh faoi mar údaráis dhlisteanacha aonair rialtais na tíre. Iarrann an tAontas ar na grúpaí armtha uile staonadh ón bhforéigean, tabhairt faoin ndíshlógadh agus aitheantas a thabhairt do na húdaráis sin arb iad amháin a bhfuil sé de cheart acu faoi Chomhaontú Polaitiúil na Libia forsaí cosanta agus slándála na Libia a rialú.

Gníomhaíochtaí CBSC

Chomhaontaigh an Chomhairle freisin síneadh a chur le misean EUBAM na Libia go dtí an 31 Nollaig 2018. Faoi láthair tá EUBAM na Libia ag cabhrú agus ag obair le húdaráis na Libia i ndáil le bainistiú teorainneacha, le forghníomhú an dlí agus le ceartas coiriúil, agus béim ar leith ar dheisceart na Libia. Oibreoidh an misean freisin i ndáil leis an bpleanáil do mhisean sibhialta eile a d’fhéadfaí a sheoladh ar mhaithe le fothú acmhainní agus cúnamh géarchéime.

Leag an Chomhairle béim freisin ar a thábhachtaí atá Oibríocht Sophia. Is oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais í oibríocht EUNAVFOR MED Sophia a ceapadh le samhail ghnó na smuigléirí daoine agus na ngáinneálaithe ar dhaoine a chur ó mhaith i ndeisceart na Meánmhara Láir. Tá dhá chúraim bhreise ar an oibríocht freisin, eadhon oiliúint a chur ar Gharda Cósta agus ar Chabhlach na Libia agus rannchuidiú le cur chun feidhme thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

Smachtbhannaí

Chun samhail ghnó na smuigléirí agus gáinneálaithe daoine a shuaitheadh tuilleadh, thug an Chomhairle isteach srianta ar onnmhairiú agus soláthar báidíní inséidte agus innill transaim don Libia. Beidh bunús slí anois ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh chun cosc a chur ar onnmhairiú nó ar sholáthar na n-earraí sin don Libia, áit ar dóchúla ná a mhalairt é go mbeadh siad á n-úsáid ag smuigléirí agus gáinneálaithe ar dhaoine. Beidh feidhm ag na srianta freisin maidir le báidíní agus mótair a chuirtear d’idirthuras tríd an Aontas Eorpach ar an mbealach chuig an Libia. Leis na srianta a glacadh inniu ní chuirfear cosc ar an hearraí sin a onnmhairiú nó a dhíol chun críocha úsáidí dlisteanacha i measc an daonra shibhialta, mar shampla le haghaidh iascairí, a mbeadh mótair ag teastáil dá gcuid bád b’fhéidir.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024