Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17/07/2017, 17 Iúil 2017

Na príomhthorthaí

An Libia

“Phléamar an staid pholaitiúil sa Libia. Ní mór dúinn a bheith aontaithe ó thaobh sprice de, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, chun muintir na Libia a spreagadh le bheith aontaithe eatarthu féin. Tá dóthain acmhainní ag muintir na Libia iad féin chun teacht ar a mbealach as an ngéarchéim. Is éard is gá dúinne a dhéanamh ná cabhrú leo, agus cur le chéile chun tacú le hIonadaí Speisialta nua Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus é ar tí dul i mbun oifige”

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Phléigh an Chomhairle an Libia agus ghlac conclúidí ina leith. Chuir sí síneadh freisin le sainordú EUBAM na Libia agus chuir srianta ar bháidíní agus mótair transaim a onnmhairiú don Libia.

An Imirce

Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an imirce, agus iad ag díriú ar an staid ar Bhealach na Meánmara Láir, le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Filippo Grandi, agus le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, William Lacy Swing.

An Chóiré Thuaidh

"Níl aon réiteach míleata le fáil ar chúrsaí i leathinis na Cóiré: caithfear an dí-armáil núicléach a bhaint amach trí mhodhanna síochánta. Leagamar béim ar an ról ceannaireachta atá ag Poblacht na Cóiré ina leith sin: caithfear réitigh an teannais sa leathinis sin a aimsiú laistigh den leathinis í féin. Tá an tAontas Eorpach faoi réir chun tacú leis na hiarrachtaí sin gach bealach is féidir. Ní mór dúinn teacht ar réiteach don ghéarchéim seo, géarchéim ar bagairt í ní hamháin don réimeas neamhleata ach freisin don tslándáil san Áise agus ar fud an domhain.”

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Phléigh an Chomhairle Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus ghlac conclúidí ina leith.

Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh

Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais. Thug na hairí eachtracha treoir maidir leis na tosaíochtaí don tréimhse 2017-2018, agus bhí siad ar aon intinn gur cheart go ndéanfaí idir obair leantach ag éirí as an chéad bhliain agus tionscnaimh nua.

Ag leanúint as an obair shuntasach a cuireadh i gcrích an chéad bhliain, d’aontaigh na hairí gur cheart don Aontas leanúint dá chomhar a fheabhsú sa tslándáil agus sa chosaint, lena n-áirítear trí bhuanchomhar struchtúraithe (PESCO) uaillmhianach cuimsitheach a bhunú amach anseo. Thug na hAirí dá n-aire freisin an tábhacht a bhaineann leis an obair ar an nasc inmheánach/seachtrach, an imirce, an fhrithsceimhlitheoireacht, chomh maith leis an obair chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha. Tugadh suntas don dul chun cinn atá déanta ag an Aontas agus é ag tacú le teacht aniar na dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe sna tíortha comharsanachta, agus don chur chuige comhtháite, don chumarsáid straitéiseach agus don taidhleoireacht phoiblí.

Chomhaontaigh na hairí gnóthaí eachtracha freisin maidir le dhá rian bhreise oibre don tréimhse 2017-2018:

  • tacú le rialachas domhanda, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, chomh maith le hiarrachtaí chun cur leis an neamhleathadh agus an dí-armáil núicléach ar an leibhéal domhanda; agus tuilleadh feabhais a chur ar an gcibearshlándáil
  • tacú le heagraíochtaí réigiúnacha agus le caidreamh comhoibríoch idir réigiúin agus leis an Aontas, lena n-áirítear baint pholaitiúil an Aontais a neartú sna Balcáin Thiar, an caidreamh le comhpháirtithe san Oirthear a dhoimhniú trí Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus ár gcomhpháirtíocht leis an Afraic a neartú, go háirithe tríd an cur chuige comhtháite sa tSaiheil agus i gCorn na Africa.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024