- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 28 Meán Fómhair 2018 10:20
Na sár-ríomhairí: Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le bonneagar ardteicneolaíochta a fhorbairt
Ghlac an Chomhairle rialachán inniu a bhfuil sé mar aidhm aige borradh a chur faoin ríomhaireacht ardfheidhmíochta trí Chomhghnóthas nua Eorpach a bhunú. Leis an gcomhghnóthas sin, déanfar maoirseacht ar chomhthiomsú acmhainní san Eoraip d'fhonn sár-ríomhairí a fhorbairt chun mórshonraí a phróiseáil, uirlis ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sa lá atá inniu ann.
Tá an ríomhaireacht ardfheidhmíochta ríthábhachtach don taighde, do dhigitiú na tionsclaíochta agus don gheilleagar sonraí. Tá úsáidí iomadúla praiticiúla ag baint léi a rachaidh chun tairbhe do réimse leathan earnálacha tionscail agus gnó, agus d'úsáideoirí sa saol acadúil, sna comhphobail eolaíochta agus san earnáil phoiblí, chomh maith. Tá cumais eolaíochta, iomaíochas tionsclaíoch agus neamhspleáchas na hEorpa ag brath ar rochtain ar shár-ríomhairí agus ar bhonneagair sonraí den chéad scoth. Tá ról fíorthábhachtach ag an ríomhaireacht ardfheidhmíochta a chabhróidh linn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an t-athrú aeráide a thuar, táirgí íocshláinte a shamhaltú ar ardleibhéal agus an intleacht shaorga. Mar sin féin, ní mór dúinn ár gcur chuige a chomhordú agus ár n-acmhainní a chomhthiomsú san Eoraip le bheith mar iomaitheoir domhanda ábhartha. Le cinneadh an lae inniu beidh an tAontas in ann bonneagar comhtháite sár-ríomhaireachta agus sonraí ar thús cadhnaíochta a fhorbairt, a úsáid agus a leathnú. Heinz Fassmann, Aire Cónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde na hOstaire
Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí
Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bheidh sa chomhghnóthas ríomhaireachta ardfheidhmíochta Eorpach (“EuroHPC”). Soláthróidh sé creat dlíthiúil conarthach eagraíochtúil dá chomhaltaí.
Is iad an tAontas, tíortha aonair an Aontais, tríú tíortha a bhfuil baint acu le clár réime Fís 2020 agus comhlachais phríobháideacha a bheidh ina gcomhaltaí den chomhghnóthas.
Beidh baill nua in ann a bheith rannpháirteach sa chomhghnóthas amach anseo. Feidhmeoidh sé go dtí deireadh na bliana 2026 agus beidh sé lonnaithe i Lucsamburg.
Maoiniú an tionscadail
Maoineofar comhghnóthas EuroHPC as roinnt foinsí: buiséad ginearálta an Aontais, ranníocaíochtaí aonair na mBallstát rannpháirteacha, tríú tíortha rannpháirteacha agus infheistíocht phríobháideach.
Tiocfaidh ranníocaíocht dar luach EUR 486 milliún ó bhuiséad ginearálta an Aontais: EUR 386 milliún ón gclár réime “Fís 2020” don taighde agus don nuálaíocht gus EUR 100 milliún ón gclár “An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa”.
Na chéad chéimeanna eile
Táthar ag súil go dtosóidh an comhghnóthas ag feidhmiú go luath in 2019 ar a dhéanaí d'fhonn an sprioc atá leagtha síos a bhaint amach, is é sin le rá bonneagar réamh-eicseascála agus peiteascála a chur ar fáil don Aontas faoi 2020, agus na teicneolaíochtaí agus na feidhmeanna is gá chun teacht ar chumais eicseascála (lena gceadaítear 1018 ríomh in aghaidh an tsoicind ar a laghad) a fhorbairt thart ar 2022 nó 2023.
Is é an aidhm atá ann ionaid barr feabhais atá ann cheana agus ionaid nua a nascadh agus éiceachóras sár-ríomhaireachta fadtéarmach a chur ar bun san Eoraip.
A ceathair nó a cúig de bhlianta a mhaireann timthriall forbartha sa chéad ghlúin eile teicneolaíochta, de ghnáth.
Cúlra
Is iad na teicneolaíochtaí agus úsáid na sár-ríomhairí cumhachtacha atá i gceist le ríomhaireacht ardfheidhmíochta (na céadta míle nó na milliúin aonad ríomhaireachta, idirnasctha i gcóras aonair nó i ngaireacht, agus iad ag feidhmiú i gcomhthreo le chéile) chun ríomhanna ollmhóra gasta a dhéanamh, ríomhanna atá chomh casta sin nach féidir iad a dhéanamh le ríomhairí ilchuspóireacha.
Ar an 11 Eanáir 2018, mhol an Coimisiún rialachán lena mbunófar comhghnóthas EuroHPC bunaithe ar Airteagal 187 agus ar Airteagal 188 CAE.
Ar an 23 Márta 2017, shínigh roinnt mhaith Ballstát dearbhú EuroHPC, ina dtugtar gealltanas obair a dhéanamh chun bonneagar sár-ríomhaireachta comhtháite den chéad ghlúin eile a fhorbairt.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024