- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 27-28/09/2018, 27-28 Meán Fómhair 2018
Na príomhthorthaí
An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, 27 Meán Fómhair
Bhí díospóireacht phoiblí bheartais ag an gComhairle maidir lecumas nuálaíochta thionscal an Aontais a neartú, agus béim á leagan ar lántairbhe a bhaint as acmhainn an digitithe agus na hintleachta saorga.
Is den tábhacht é go mbainfí an tairbhe is iomláine is féidir as acmhainn an digitithe ar mhaithe le geilleagar an Aontais. An plé a bhí againn inniu, ba é an chéad chéim é i dtreo plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an intleacht shaorga, rud a chuideoidh chun borradh a chur faoin bhfás agus poist a chruthú. Margarete Schramböck, Aire Cónaidhme na hOstaire um Gnóthaí Digiteacha agus Eacnamaíocha
Mar chuid den "seiceáil ar an iomaíochas" is dual dúinn, mheasúnaigh an Chomhairle a thábhachtaí a bhí an cóineasú réigiúnach mar fhachtóir a chuireann le méadú foriomlán na táirgiúlachta, an fháis agus an iomaíochais.
Taighde agus nuálaíocht, 28 Meán Fómhair
Ar maidin, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le struchtúr an chéad chlár AE eile um thaighde agus um nuálaíocht, Fis Eorpach, agus faoin gClár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme. Cumhdóidh an clár nua na blianta ó 2021 go dtí 2027.
Is den riachtanas iad an taighde agus an nuálaíocht más fúinn leanúint de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda. Beidh ról tábhachtach ag an gcéad chlár réime taighde eile de chuid an Aontais chun tacú leis na hiarrachtaí náisiúnta ar mhaithe leis an tsármhaitheas a chur chun cinn agus bearna na nuálaíochta san Aontas Eorpach a laghdú. Heinz Faßmann, Aire Cónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde na hOstaire
Le linn an tráthnóna, phléigh na hairí stádas dlíthiúil agus príomhghnéithe anphróisis pleanála straitéisigh don chlár Fís Eorpach. Beidh an díospóireacht sin ina treoir pholaitiúil don obair a dhéanfar i gcomhlacht ullmhúcháin na Comhairle.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí iomaíochais: tús na caibidlíochta maidir le Fís Eorpach (Uachtaránacht na hOstaire ar Chomhairle an Aontais)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach, an Chomhairle Iomaíochais, 27-28 Meán Fómhair 2018
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iomaíochais, 27-28 Meán Fómhair 2018
- Ceartúchán ar an gclár oibre sealadach, an Chomhairle Iomaíochais, 27-28 Meán Fómhair 2018
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, an 27-28 Meán Fómhair 2018
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, an 27-28 Meán Fómhair 2018
- Aguisín a ghabhann leis an liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, an 27-28 Meán Fómhair 2018
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
- Na sár-ríomhairí: Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le bonneagar ardteicneolaíochta a fhorbairt
- 28/09/2018
- An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach: rialachán glactha ag an gComhairle
- 27/09/2018
- Rialachán maidir leis an tairseach aonair dhigiteach glactha ag an gComhairle: rochtain níos fearr ar fhaisnéis agus nósanna imeachta ar líne ar fud an Aontais Eorpaigh
- 27/09/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025