Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 13 Márta 2019 19:35

Clár beartais spáis don todhchaí á mhúnlú ag an Aontas

Tá a chlár beartais spáis á dhearadh ag an Aontas do na blianta 2021-2027. Ag teacht le chéile dóibh in Coreper inniu, dhearbhaigh ambasadóirí an Aontais an chomhthuiscint ar ar tháinig uachtaránacht na Rómáine agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an dréachtrialachán i ndáil le clár spáis an Aontais.

Níl gnéithe airgeadais ná gnéithe eile cothrománacha an chláir san áireamh sa chomhthuiscint; gnéithe iad sin a bhraithfidh ar an gcomhaontú foriomlán a bheidh ann amach anseo maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Áiritheoidh an rialachán an méid seo:

  • sonraí agus seirbhísí a bhaineann leis an spás, agus iad ar ardchaighdeán, cothrom le dáta agus slán;
  • tairbhí socheacnamaíocha níos mó ó úsáid a bhaint as a leithéid de shonraí agus de sheirbhísí, amhail méadú ar fhás agus ar chruthú post san Aontas;
  • feabhas ar shlándáil agus ar uathriail straitéiseach an Aontais;
  • ról níos láidre don Aontas mar phríomhghníomhaí san earnáil spáis.

Bainfear é sin amach mar a leanas:

  • an creat dlíthiúil atá ag an Aontas cheana féin maidir le beartas spáis a shimpliú agus a shruthlíniú;
  • buiséad leordhóthanach spáis a chur ar fáil don Aontas ionas gur féidir leis leanúint de na cláir shuaitheanta spáis atá ann cheana féin amhail EGNOS, Galileo agus Copernicus, agus iad a fheabhsú, agus chun gur féidir leis faireachán a dhéanamh ar ghuaiseacha spáis faoin gclár um 'fheasacht shuíomhúil spáis', agus rochtain ar chumarsáid satailíte shlán a chur ar fáil d'údaráis náisiúnta (GOVSATCOM);
  • na rialacha a bhunú le haghaidh rialachas chlár spáis an Aontais; creat slándála an chláir spáis a chaighdeánú.

Na chéad chéimeanna eile

Tá an Chomhairle ag súil go gcuirfear tús arís leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe is féidir, d'fhonn go gcríochnófar í ar bhonn an dul chun cinn atá bainte amach mar a léirítear sa chomhthuiscint. Ní mór an comhaontú foriomlán ar a dtiocfar amach anseo maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 a chur san áireamh sa chaibidlíocht freisin.

Cúlra

Ar an 6 Meithimh 2018, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialachán maidir le clár spáis don Aontas Eorpach. Tá an rialachán beartaithe mar chuid d'obair leantach na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Straitéis Spáis don Eoraip (SSE).

Ní chuirfear buiséad an chláir i gcrích go dtí go mbeidh comhaontú ann maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027. Molann togra an Choimisiúin buiséad foriomlán €16 billiún don chlár de réir na bpraghsanna atá ann faoi láthair le haghaidh na tréimhse 2021-2027 agus an miondealú táscach seo a leanas i gceist: €9.7 billiún do Galileo agus EGNOS, €5.8 billiún do Copernicus agus €0.5 billiún do SSA agus GOVSATCOM.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025