- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Bealtaine 2019 16:55
An Libia: Ráiteas ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh an Chomhairle an staid sa Libia inniu agus ghlac sí an ráiteas seo a leanas:
“Is bagairt don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta an t-ionsaí míleata a rinne an ANL ar Thripilí agus is baol é an géarú a rinneadh thart timpeall na príomhchathrach ina dhiaidh sin fós do chobhsaíocht na Libia.
Thairis sin, cuireann sé leis an méadú ar an mbagairt sceimhlitheoireachta ar fud na tíre.
Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil sé tiomanta do cheannasacht, do neamhspleáchas, do shláine críche agus d'aontacht náisiúnta na Libia.
Iarrann an tAontas ar na páirtithe uile sos cogaidh a chur chun feidhme láithreach agus dul i mbun idirphlé leis na Náisiúin Aontaithe chun a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán leis an gcogaíocht. Iarrann sé orthu freisin iad féin a dhícheangal – go poiblí agus ar an talamh – ó ghnéithe sceimhlitheoireachta agus coiriúla atá bainteach leis an gcomhrac, agus uathu siúd a bhfuil amhras fúithi go ndearnasiad coireanna cogaidh, lena n-áirítear na daoine sin atá liostaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Is cúis mhór imní don Aontas Eorpach líon na ndaoine a fuair bás, líon méadaitheach na ndaoine easáitithe ina dtír féin agus an iarmhairt ar an sreabha imirce. Ní mór do na páirtithe uile sibhialtaigh a chosaint, lena n-áirítear imircigh agus dídeanaithe, trí chabhair dhaonnúil agus seirbhísí daonnúla atá sábháilte, mear agus gan bhac a cheadú, a éascú agus a chur ar fáil do gach éinne atá thíos leis an staid, agus mar atá leagtha síos faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.
Meabhraítear don Aontas go bhféadfaidh ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar cheantair chónaithe dhlúsdaonra a bheith ina gcoireanna cogaidh. Ní mór an dlí a chur ar na daoine sin a sháraíonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
Meabhraítear don Aontas nach féidir réiteach míleata a fháil ar an ngéarchéim sa Libia agus táthaíonn sé ar gach páirtí gealltanas a thabhairt an athuair don idirphlé polaitiúil arna éascú ag na Náisiúin Aontaithe chun oibriú i dtreo réiteach polaitiúil cuimsitheach ar an ngéarchéim sa Libia a bhaint amach, mar a comhaontaíodh i bPáras i mí na Bealtaine 2018, i bPalermo i mí na Samhna 2018, agus in Abú Daibí i mí Feabhra 2019 d'fhonn an bealach a réiteach chun toghcháin náisiúnta a thionól.
Athdhearbhaíonn an tAontas a thacaíocht iomlán don obair atá ar siúl ag Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe (SRSG) agus do Mhisean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL). Áitíonn sé ar na páirtithe go léir an urraim cheart a thabhairt ar an lánchosc arm agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh an bonn a bhaint ón idirphlé polaitiúil arna éascú ag na Náisiúin Aontaithe. Áitíonn sé orthu freisin guaim a choinneáil orthu féin leis an SRSG d'fhonn réiteach polaitiúil as a mbeadh an Libia féin freagrach a bhaint amach ó thosach deireadh trí phróiseas polaitiúil cuimsitheach, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht iomlán na mban, le hiarrachtaí chun an tslándáil, inbhuanaitheacht pholaitiúil agus eacnamaíoch, agus aontacht náisiúnta a thabhairt chun na Libia".
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024