- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 13/05/2019, 13 Bealtaine 2019
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Ó thaobh an Aontais de, táthar tiomanta go hiomlán an uile bheart a dhéanamh, agus gach ionstraimí dá bhfuil ar fáil dúinn a úsáid, chun cuid sin againne den JCPOA a chur chun feidhme má chomhlíonann an Iaráin a cuid féin den mhargadh. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha an Iaráin i bhfianaise an scéal is déanaí maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), comhaontú núicléach na hIaráine. Meabhraíodh dóibh a lántiomantas do chaomhnú agus do lán-chur chun feidhme JCPOA, ar cuid ríthábhachtach den ollstruchtúr domhanda maidir le neamhleathadh arm núicléach é. Chuir siad in iúl go bhfuil imní orthu maidir leis na dearbhuithe a thug an Iaráin le déanaí, agus meabhraítear dóibh go ndiúltaíonn siad d'aon fholáireamh agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé go gcloífeadh an Iaráin le JCPOA, mar atá déanta aici go dtí seo, agus mar atá deimhnithe ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) ceithre huaire déag. Ag an am céanna, d'athdhearbhaigh siad a dtiomantas na buntáistí a bhaineann leis an margadh do mhuintir na hIaráine a chomhlíonadh. Ós amhlaidh atá, chuir siad in iúl gur cúis aiféala dóibh gur shocraigh na Stáit Aontaithe smachtbhannaí a fhorchur an athuair tar éis dóibh tarraingt siar as an bPlean agus leag siad béim ar a dtiomantas an t-eintiteas sainchuspóireach INSTEX a chur chun gnímh go hiomlán.
Ina theannta sin, phléigh na hairí an staid mar atá i Veiniséala. Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoin gcruinniú is déanaí a bhí ag an nGrúpa Teagmhála Idirnáisiúnta i San Jose, i gCósta Ríce, ar an 5 agus an 6 Bealtaine. Dúirt na hairí gur ábhar imní dóibh ar thit amach ar an 30 Aibreán 2019, agus an géarú a tharla dá éis sin ar an teannas, agus an cur faoi chois a rinne an réimeas ar an bhfreasúra agus ar chomhaltaí de chuid an Tionóil Náisiúnta. D'athdhearbhaigh siad a dtacaíocht don Ghrúpa Teagmhála Idirnáisiúnta ina cháil mar an t-aon sásra amháin lena bhféadfar teacht ar réiteach caibidlithe polaitiúil, rud a aithnítear níos mó is níos mó i measc gníomhaithe eile sa réigiún agus dóibh siúd is faide i gcéin.
Anuas air sin, phléigh na hairí an Úcráin i bhfianaise thorthaí thoghchán na huachtaránachta ansin. Thug siad dá n-aire na comharthaí dearfacha ón rialtas nua, go háirithe rún an rialtais ansin go leanfaí den phróiseas athchóirithe cur chun feidhme agus go neartófaí é, agus chuir siad i dtreis gur próiseas ríthábhachtach é chun buntáistí follasacha a bhaint amach do mhuintir na hÚcráine. Chuir siad in iúl go bhfuil imní orthu maidir le dearbhú na Rúise, ina ndéantar simpliú ar phasanna a eisiúint i gceantair faoi leith i gceantar Donetsk agus Luhansk san Úcráin, agus d'athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad go hiomlán le ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine.
An Libia
Phléigh na hairí an staid mar atá sa Libia i dteannta Ghassam Salamé, Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe sa Libia agus rinne siad tuairimí a mhalartú maidir leis na chéad chéimeanna eile is féidir a ghlacadh chun géarú ar an gcoinbhleacht a sheachaint.
Tá an tAontas Eorpach ar aon bhuille le chéile maidir leis an Libia. Thug sé le fios go soiléir gur bagairt don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta an t-ionsaí míleata a rinne an ANL ar Thripilí agus an géarú a tharla ina dhiaidh sin thart timpeall na príomhchathrach. Meabhraíodh dóibh nach bhfuil aon réiteach míleata i ndán do Libia ach gur cheart do na páirtithe uile gealltanas a thabhairt an athuair maidir le hidirphlé polaitiúil na Náisiún Aontaithe chun teacht ar réiteach. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ghlac an Chomhairle ráiteas:
An tSaiheil
Pléigh na hairí an tSaiheil de théisclim don seisiún a bheidh acu an lá arna mhárach le hairí cosanta an Aontais agus le hairí gnóthaí eachtracha agus cosanta thíortha G5 na Saiheile (Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir). Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tSaiheil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
"Tosaíocht straitéiseach don Aontas gona Bhallstáit í an tSaiheil": Conclúidí glactha ag an gComhairle - 13/05/2019
An Libia: Ráiteas ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha - 13/05/2019
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 13/05/2019
Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan: Tuarascáil bhliantúil an Aontais 2018 glactha - 13/05/2019
EUAM an Úcráin: Síneadh breise curtha ag an gComhairle leis an misean agus méadú ar an mbuiséad formheasta - 13/05/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025