Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 5 Bealtaine 2020 15:30

COVID-19: pacáiste cúnaimh €3 bhilliún ceadaithe ag an gComhairle chun tacú le comhpháirtithe comharsanacha

D'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais togra ón gCoimisiún chun suas le 3 bhilliún euro de chúnamh macra-airgeadais a chur ar fáil do dheich gcomhpháirtithe comharsanacha de chuid an mhéadaithe chun cabhrú leo déileáil le drochiarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19.

Is iad tíortha comharsanacha de chuid an mhéadaithe na comhpháirtithe is dlúithe atá againn. Anois níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach cur le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime domhanda seo. Zdravko Maric, Aire Airgeadais na Cróite

Cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil i bhfoirm iasachtaí a mbeidh téarmaí fíorfhabhracha ag baint leo, agus leithdháilfear iad mar seo a leanas:

  • An Albáin: €180 milliún
  • an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: €250 milliún
  • An tSeoirsia: €150 milliún
  • An Iordáin: €200 milliún
  • An Chosaiv*: €100 milliún
  • An Mholdóiv: €100 milliún
  • Montainéagró: €60 milliún
  • Poblacht na Macadóine Thuaidh: €160 milliún
  • An Túinéis: €600 milliún
  • An Úcráin: €1200 milliún.

Cabhróidh an cúnamh ón Aontas leis na dlínsí sin a riachtanais mhaoinithe láithreacha a shásamh, riachtanais a bhfuil méadú tagtha orthu mar thoradh ar ráig COVID-19. Mar aon leis an tacaíocht ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta cuideoidh na cistí le feabhas a chur ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus cruthóidh siad spás chun gur féidir acmhainní a leithdháileadh chun saoránaigh a chosaint agus chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha phaindéim an choróinvíris a mhaolú.

Beidh na cistí ar fáil go ceann dhá mhí dhéag agus íocfar in dhá thráthchuid iad. Beidh uasaibíocht 15 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí ar an meán. Beidh an cúnamh faoi réir meabhrán tuisceana, a dhéanfar a chomhaontú idir gach comhpháirtí agus an Coimisiún.

Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an téacs a ghlacadh sula bhféadfaidh sé teacht i bhfeidhm.

*Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Feabhra 2024