"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
COVID-19: Moladh glactha ag an gComhairle chun bearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht a chomhordú
Ghlac an Chomhairle moladh inniu maidir le cur chuige comhordaithe i leith srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Is é is aidhm don mholadh seo ilroinnt agus cur isteach a sheachaint, agus trédhearcacht agus intuarthacht a mhéadú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
Is iomaí an dóigh ar chuir paindéim COVID-19 isteach ar ár saol laethúil. Mar gheall ar shrianta taistil, tá sé deacair ag cuid dár saoránaigh dul chuig an obair, chuig an ollscoil nó cuairt a thabhairt ar a ngaolta. Tá sé mar dhualgas coiteann dúinn comhordú a áirithiú maidir le haon bhearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht agus an fhaisnéis uile a theastaíonn uathu a thabhairt dár saoránaigh agus taisteal á shocrú acu.
Michael Roth, Aire Stáit Cónaidhme Eorpach na Gearmáine
Aon bhearta a chuireann srian ar shaorghluaiseacht chun an tsláinte phoiblí a chosaint, ní mór iad a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ní mór iad a thógáil a luaithe is féidir ag brath ar an staid eipidéimeolaíoch.
Critéir agus mapáil choiteann
Gach seachtain, ba cheart do na Ballstáit na sonraí atá ar fáil maidir leis na critéir seo a leanas a sholáthar don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC):
líon na gcásanna nua fógartha in aghaidh 100 000 duine le 14 lá anuas
líon na dtástálacha in aghaidh 100 000 duine a rinneadh le seachtain anuas (ráta tástála)
céatadán na dtástálacha deimhneacha a rinneadh le seachtain anuas (ráta deimhneachta tástála)
Bunaithe ar na sonraí sin, ba cheart do ECDC léarscáil sheachtainiúil de Bhallstáit an Aontais a fhoilsiú, miondealaithe de réir réigiúin, chun tacú leis na Ballstáit ina gcuid cinnteoireachta. Ba cheart limistéir a mharcáil sna dathanna seo a leanas:
glas más lú an ráta fógartha 14 lá ná 25 agus má tá an ráta deimhneachta tástála faoi bhun 4 %
oráiste más lú an ráta fógartha 14 lá ná 50 ach tá ráta deimhneachta tástála 4% nó níos airde ann nó, má tá an ráta fógartha 14 lá idir 25 agus 150 agus an ráta deimhneachta tástála faoi bhun 4%
dearg má tá an ráta fógartha 14 lá 50 nó níos airde agus tá ráta deimhneachta tástála 4% nó níos airde ann nó más airde ná 150 an ráta fógartha 14 lá
liath mura bhfuil faisnéis leordhóthanach ann nó más lú an ráta tástála ná 300
Srianta ar shaorghluaiseacht
Níor cheart do na Ballstáit srian a chur ar shaorghluaiseacht daoine atá ag taisteal chuig limistéir ghlasa nó amach astu.
Má tá srianta á meas acu, ba cheart dóibh na difríochtaí sa staid eipidéimeolaíoch idir limistéir oráiste agus dearga a urramú agus gníomhú ar bhealach comhréireach. Ba cheart dóibh an staid eipidéimeolaíoch ina gcríoch féin a chur san áireamh freisin.
Níor cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, cead isteach a dhiúltú do dhaoine atá ag taisteal ó Bhallstáit eile. D'fhéadfadh na Ballstáit sin a mheasann gur gá srianta a thabhairt isteach ceangal a chur ar dhaoine atá ag taisteal ó limistéir neamhghlasa an méid seo a leanas a dhéanamh:
dul i gcoraintín
tabhairt faoi thástáil tar éis dóibh teacht isteach
Féadfaidh na Ballstáit an rogha a thairiscint tástáil a dhéanamh roimh theacht a chur in ionad na tástála sin.
D'fhéadfadh na Ballstáit a cheangal ar dhaoine ag teacht isteach ina gcríoch foirmeacha aimsithe paisinéirí a chur isteach freisin. Ba cheart foirm choiteann Eorpach aimsithe paisinéirí a fhorbairt ionas gur féidir úsáid choiteann a bhaint aisti.
Comhordú agus faisnéis don phobal
Ba cheart do Bhallstáit a bhfuil sé i gceist acu srianta a chur i bhfeidhm an Ballstát a ndéantar difear dó a chur ar an eolas ar dtús, chomh maith le Ballstáit eile agus an Coimisiún. Ba cheart an fhaisnéis a thabhairt 48 n-uaire an chloig roimh ré, más féidir.
Ba cheart do na Ballstáit freisin faisnéis shoiléir, chuimsitheach agus thráthúil a chur ar fáil don phobal maidir le haon srianta agus ceanglais. Mar riail ghinearálta, ba cheart an fhaisnéis sin a fhoilsiú 24 huaire an chloig sula dtiocfaidh na bearta i bhfeidhm.
Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)
Eolas cúlra
Is faoi na Ballstáit i gcónaí atá an cinneadh i ndáil le srianta ar an tsaorghluaiseacht a thabhairt isteach ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint; mar sin féin, is den ríthábhacht é comhordú ar an ábhar seo. Ó mhí an Mhárta 2020 i leith, tá roinnt treoirlínte agus teachtaireachtaí glactha ag an gCoimisiún a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le hiarrachtaí comhordúcháin na mBallstát agus an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas a chosaint. Rinneadh plé ar an ábhar sin laistigh den Chomhairle freisin.
An 4 Meán Fómhair, thíolaic an Coimisiún dréachtmholadh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith srianta ar shaorghluaiseacht.
Ní ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí é an moladh ón gComhairle. Is iad údaráis na mBallstát a bheidh freagrach i gcónaí as ábhar an mholta a chur chun feidhme.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas: