Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021)
Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021)
Tháinig tíortha an Aontais ar chur chuige comhordaithe maidir le bearta taistil COVID-19 agus d’fhorbair siad critéir choiteanna chun riosca a mhapáil.
Na critéir choiteanna
- an ráta tástála = líon na dtástálacha in aghaidh 100 000 duine le seachtain anuas
- an ráta deimhneachta tástála = % na dtástálacha deimhneacha le seachtain anuas
- cásanna carnacha in imeacht 14 lá = líon na gcásanna nua in aghaidh 100 000 duine le 14 lá anuas (ar an leibhéal réigiúnach)
Sonraí inchomparáide
Cuireann tíortha an Aontais sonraí seachtainiúla ar fáil don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
Foilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú léarscáil choiteann dhathchódaithe ina mbíonn sonraí réigiúnacha chun tacú le cinntí thíortha an Aontais
Dathchóid choiteanna: limistéir riosca a mhapáil
- glas más lú ná 25 don ráta fógartha 14 lá agus más faoi bhun 4% don ráta deimhneachta tástála
- flannbhuí más lú ná 50 don ráta fógartha 14 lá ach an ráta deimhneachta tástála 4% nó os a chionn nó, más idir 25 agus 150 don ráta fógartha 14 lá agus an ráta deimhneachta tástála faoi bhun 4%
- dearg más 50 nó os a chionn don ráta fógartha 14 lá agus an ráta deimhneachta tástála 4% nó os a chionn nó, más airde ná 150 don ráta fógartha 14 lá
- dúdhearg má airde ná 500 don ráta fógartha 14 lá
- liath i ngeall ar easpa faisnéise nó más lú ná 300 don ráta tástála
Creat coiteann maidir le bearta COVID-19
Limistéir ghlasa
- níor cheart srian a chur ar shaorghluaiseacht daoine
Limistéir fhlannbhuí
- ba cheart do na bearta a bheith comhréireach agus difríochtaí i staid eipidéimeolaíoch na limistéar flannbhuí agus dearg a urramú
- níor cheart, i bprionsabal, cead isteach a dhiúltú do dhaoine atá ag taisteal ó limistéir fhlannbhuí/dhearga ach d’fhéadfaí ceanglais a chur i bhfeidhm
- ceanglais a d’fhéadfaí a chur ar thaistealaithe: coraintín/féinleithlisiú agus/nó tástáil COVID-19 roimh theacht isteach / tar éis teacht isteach dóibh
- tíortha eile an Aontais a ndéanfaidh na bearta difear dóibh a chur ar an eolas 48 uair a chloig sula gcuirfí i bhfeidhm iad
Limistéir dhearga

- Ba cheart an taisteal neamhriachtanach a dhíspreagadh

Limistéir dhúdhearga

- ceanglais do thaistealaithe: coraintín/féinleithlisiú agus tástáil COVID-19 roimh theacht isteach dóibh
- tíortha eile an Aontais a ndéanfaidh na bearta difear dóibh a chur ar an eolas 48 uair a chloig sula gcuirfí i bhfeidhm iad
D’fhéadfaí bearta ar cosúil iad leo siúd atá i bhfeidhm sna limistéir dhúdhearga a chur i bhfeidhm maidir le limistéir inar cúis imní ardráta na n-athraitheacha nua.
D’fhéadfaí a iarraidh ar thaistealaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí a chur isteach.
Eisceachtaí
Níor cheart ceanglas coraintín a chur ar thaistealaithe a bhfuil feidhm nó riachtanas bunriachtanach acu agus iad i mbun na feidhme sin.
Níor cheart, i bprionsabal, tástáil COVID-19 a cheangal ar oibrithe iompair nó orthu siúd a thrasnaíonn teorainneacha go minic ar chúiseanna oibre, staidéir nó teaghlaigh.
Cén fáth a bhfuil sé bunriachtanach bearta COVID-19 a chomhordú?
- saorghluaiseacht a áirithiú
- trédhearcacht a mhéadú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí
- ilroinnt agus an cur isteach ar sheirbhísí a sheachaint
Ba cheart go mbeadh bearta COVID-19:
- teoranta do chosaint sláinte poiblí
- comhréireach
- neamh-idirdhealaitheach (e.g. ar bhonn náisiúntachta)
- in ann sonraíochtaí na réigiún trasteorann agus na limistéar iargúlta a urramú
- le scor a thúisce a cheadaíonn an staid eipidéimeolaíoch amhlaidh
Bearta nua a chur in iúl
- an pobal a chur ar an eolas 24 uair an chloig, ar a laghad, roimh ré
- tá gach eolas agus nuashonrú ar fáil ar shuíomh gréasáin an Aontais reopen.europa.eu