- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 13 Deireadh Fómhair 2020
Na príomhthorthaí
An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Chuir Príomh-Idirbheartaí an Aontais, Michel Barnier, na hairí ar an eolas faoin staid mar atá sa chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, faoi chur chun feidhme an chomhaontaithe um tharraingt siar agus ar ullmhacht an Aontais i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020.
D’athdhearbhaigh na hairí go dtacaíonn siad leis an bpríomh-idirbheartaí agus lena shainordú, agus chuir siad in iúl go raibh dóchas acu go bhféadfaí tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí comhaontú uaillmhianach a thabhairt i gcrích don chaidreamh a bheidh ann amach anseo. Mar sin féin, chuir na hairí i dtreis nach mór do ghnólachtaí agus do thíortha a bheith ullamh do pé ní a thitfidh amach.
Idirphlé faoin smacht reachta
Tá cur chuige nua forbartha ag an uachtaránacht i leith idirphlé bliantúil na Comhairle faoin smacht reachta. Bhí plé cothrománach ag na hairí faoi fhorbairtí ginearálta, inar cuimsíodh ceithre cholún: na córais cheartais, an creat frith-éillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin.
Pléifear gnéithe tírshonracha ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 10 Samhain. Ag an gcruinniú sin, díreofar sa phlé ar na príomhfhorbairtí i gcúig Bhallstát, de réir ord prótacail an Aontais: An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg agus an Eastóin.
Tá an smacht reachta ar cheann de bhunluachanna an Aontais. Is ionstraim bhreise é an t-idirphlé nua againn i sraith uirlisí an Aontais chun an smacht reachta a neartú agus a chosaint. Is é is aidhm dó díospóireacht oscailte chuiditheach a bhunú ar an staid smachta reachta i ngach Ballstát: tá ríthábhacht le caitheamh go cothrom le gach Ballstát, leis an neamh-idirdhealú agus le critéir oibiachtúla. Is é an príomhchuspóir atá againn tuiscint shoiléir fhrithpháirteach a bhaint amach ar na nithe a nascann le chéile muid. Michael Roth, Aire Stáit na Gearmáine don Eoraip
An Chomhairle Eorpach
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na dréachtchonclúidí don chruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a thionólfar an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair.
Pléifidh ceannairí an Aontais staid na himeartha sa chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ag an gcruinniú a bheith acu.
Beidh díospóireacht bheartais acu freisin faoin athrú aeráide agus pléifidh siad comhordú COVID-19 agus gnóthaí eachtracha, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas agus an Afraic.
Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Bhí pointe faisnéise ann ón uachtaránacht faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Is mian leis na Ballstáit go spreagfadh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa saoránaigh le bheith páirteach i ndíospóireacht leathan faoina bhfuil i ndán don Eoraip sna deich mbliana amach romhainn agus dá éis, lena n-áirítear todhchaí na hEorpa i bhfianaise phaindéim COVID-19.
Mhínigh an Uachtaránacht go bhfuil teagmháil fós ar siúl leis na hinstitiúidí eile d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le dearbhú comhpháirteach chun an bealach a réiteach do sheoladh na Comhdhála.
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus an pacáiste téarnaimh
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir leis na cainteanna leanúnacha ar an leibhéal polaitiúil le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún d’fhonn toiliú na Parlaiminte a fháil don rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027.
Tá institiúidí an Aontais ag déanamh dul chun cinn chun teacht ar chomhaontú faoi roinnt de na saincheisteanna, lena n-áirítear rialachas an mhaoinithe faoi Next Generation EU agus saincheisteanna cothrománacha amhail cosaint aeráide agus príomhshruthú inscne. Cuireadh tús freisin le cruinnithe trípháirteacha leis an bParlaimint faoin sásra coinníollachta nua.
Mheas an Uachtaránacht go rabhthas in ann teacht ar chomhaontú go pras maidir leis an bpacáiste foriomlán, agus leag sí béim ar a phráinní is atá sé an próiseas a thabhairt chun críche a luaithe is féidir.
COVID-19 – Comhordú an Aontais
Ghlac an Chomhairle moladh gan phlé maidir le cur chuige comhordaithe i leith srianta ar an tsaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Is é is aidhm don mholadh seo ilroinnt agus cur isteach a sheachaint, agus trédhearcacht agus intuarthacht a mhéadú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon.
Is iomaí dóigh ar chuir paindéim COVID-19 isteach ar ár saol laethúil. Mar gheall ar shrianta taistil, tá sé deacair ag cuid dár saoránaigh dul chuig an obair, ar ollscoil nó cuairt a thabhairt ar a ngaolta. Tá sé mar dhualgas orainn go léir comhordú ar aon bhearta a dhéanann difear don tsaorghluaiseacht a chinntiú, agus an fhaisnéis uile a theastaíonn uathu a thabhairt dár saoránaigh agus an taisteal á chinneadh acu. Michael Roth, Aire Stáit na Gearmáine don Eoraip
Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025