Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Nollaig 2020 11:00

Comhaontú Pháras: Aighneacht NDC tarchurtha ag an gComhairle thar ceann an Aontais agus na mBallstát

Tharchuir an Chomhairle a haighneacht do UNFCCC inniu maidir le Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC) an Aontais agus a Bhallstát. D’fhormheas an Chomhairle an aighneacht an 17 Nollaig 2020. San aighneacht tá sprioc nuashonraithe fheabhsaithe maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, de dhroim na treorach ón gComhairle Eorpach a tugadh an 11 Nollaig 2020.

Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta go láidir Chomhaontú Pháras agus a chuid cuspóirí. Is é an sprioc atá againn a bheith aeráidneodrach in 2050. Seolann an aighneacht NDC seo, le spriocanna nuashonraithe, comhartha láidir do dhaoine eile ar fud an domhain chun an sampla a leanúint. Táimid ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim aeráide agus ní mór gach duine a bheith ar bord chun réiteach a fháil uirthi. Leis na spriocanna uaillmhianacha sin, is féidir le náisiúin eile brath ar an Aontas chun an t-aistriú domhanda seo a stiúradh. Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine

Leagtar amach le NDCanna na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag gach tír astaíochtaí náisiúnta a laghdú agus dul in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide. Is cuid bhunriachtanach iad de na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag na Páirtithe faoi Chomhaontú Pháras. Déanann an tAontas Eorpach NDC amháin a tharchur thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

Tá an aighneacht tarchurtha chuig Rúnaíocht UNFCCC le foilsiú ina clár aighneachtaí.

Cúlra

Tá rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) i gcroílár Chomhaontú Pháras chun na spriocanna fadtéarmacha sin a bhaint amach. In 2015, tháinig na Comhpháirtithe le chéile faoi Chomhaontú Pháras agus iad tiomanta an mheánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith níos ísle ná 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Faoi Chomhaontú Pháras, iarrtar ar gach tír a ngníomhaíochtaí aeráide iar-2020 a chur in iúl ina NDCanna in 2020 agus gach cúig bliana eile ina dhiaidh sin. Leagtar amach le NDCanna na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag gach tír astaíochtaí náisiúnta a laghdú agus dul in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

Léiríonn an ghrafaic faisnéise cé mar a dhéanfaidh an tAontas beart de réir a bhriathair a mhéid a bhaineann le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)

Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025