Skip to content

Truailliú

Na bearta a dhéanann an tAontas chun truailliú a laghdú agus chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.

As gach ocht mbás san Eoraip, bíonn baint ag an truailliú le ceann acu. Tá an truailliú ar cheann de na príomhchúiseanna le cailliúint na bithéagsúlachta chomh maith.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas truailliú aeir, uisce agus ithreach a laghdú go leibhéil atá neamhdhíobhálach do shláinte an duine agus don dúlra faoi 2050.

Long tancaeir gáis, coimeádáin ola, lámh ag iarraidh astaíochtaí ó mhonarcha a stopadh agus comhartha truaillithe uisce.

An tslí a dtéann an tAontas i ngleic le truailliú aeir

Ó bhí na 1990idí ann, tá beartas comhshaoil an Aontais bunaithe ar phrionsabail an choisc. Ciallaíonn sé sin go bhféachtar leis an truailliú a sheachaint ar an gcéad dul síos agus gurb iad na truaillitheoirí a íocfaidh as má dhéanann siad dochar don chomhshaol.

Tá rialacha ann chun truailliú a laghdú trí dhul i ngleic leis ag an bhfoinse agus chun bearta nithiúla a leagan síos i roinnt earnálacha.

Le rialacha an Aontais, leagtar síos caighdeáin cháilíochta maidir le haer comhthimpeallach agus socraítear teorainneacha dochta maidir le truailleáin aeir.

Tá bearta curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun aibhneacha, lochanna agus screamhuisce na hEorpa a dhéanamh sláintiúil.

Leagtar amach i straitéis ithreach 2030 bearta chun ithreacha a chosaint agus a athchóiriú agus chun a chinntiú go n-úsáidfear go hinbhuanaithe iad.

Le rialacha an Aontais, cinntítear go ndéantar dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, rud a íoslaghdaíonn truailliú ó dhramhaíl.

I measc na mbeart chun truailliú plaisteach a laghdú tá toirmeasc ar chineálacha áirithe pacáistíochta plaistí agus earraí aon úsáide.

Is é is aidhm do na rialacha an riosca a bhaineann le ceimiceáin thocsaineacha a íoslaghdú agus tacú leis an nuálaíocht chun táirgí níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a dhearadh.

Is é is aidhm do na bearta truailliú aeir agus gás ceaptha teasa araon, arb é an t-iompar is cúis leo, a laghdú.

Le rialacha an Aontais, leagtar síos teorainneacha maidir le hastaíochtaí díobhálacha ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha.

Cuireann an tAontas samhail chiorclach chun cinn ina ndéantar ábhair agus táirgí a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil.

Na blaisíní breise is déanaí

Faoi chomhartha ciorclach na hathchúrsála, tá cupán caife beir leat, canna dí agus cartán bainne mar léiriú ar phacáistíocht laethúil ar ar féidir athchúrsáil a dhéanamh.
Pacáistíocht

Pacáistíocht

Íomhá de bháirse atá ag cur thar maoil le bruscar os cionn sraith málaí bruscair agus araidí rothaí, agus léiríonn saigheada anuas an laghdú dramhaíola.
An dramhaíl

An dramhaíl

Caitheann lámh craiceann banana isteach i mbosca athchúrsála bia atá ag cur thar maoil, rud a léiríonn cur amú bia.
An cur amú bia

An cur amú bia

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Iúil 2026