Skip to content

Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta

Léiríonn an ghrafaic faisnéise cé mar a dhéanfaidh an tAontas beart de réir a bhriathair a mhéid a bhaineann le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.

Grafaic faisnéise - Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta

I mí na Nollag 2015, den chéad uair riamh, chomhaontaigh gach tír ar domhan comhiarracht chun:

  • téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2˚C, agus iarracht a dhéanamh é a theorannú go 1.5˚C
  • dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide

Leis an gcomhaontú, ceanglaítear ar na páirtithe pleananna náisiúnta a thíolacadh chun astaíochtaí a laghdú agus na gealltanais sin a athbhreithniú gach 5 bliana.

  • 2015: Síniú agus pleananna tosaigh náisiúnta
  • 2020: Straitéis agus pleananna nuashonraithe
  • 2023: Athbhreithniú ar an dul chun cinn domhanda
  • 2025: Pleananna nuashonraithe
  • 2028: Athbhreithniú ar an dul chun cinn domhanda

An méid a gheall an tAontas

Nuair a seoladh an Comhaontú Glas don Eoraip in 2019, chomhaontaigh an tAontas astaíochtaí a laghdú 55 %, ar a laghad, faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990, ardú ón ngealltanas 40 % a rinneadh in 2014.

Is í sprioc dheiridh an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Chuige sin, beidh aistriú ag teastáil ar cheart:

  • ceanglas gníomhaíochta a chur ar gach earnáil den gheilleagar
  • a bheith cóir cothrom go sóisialta
  • iomaíochas an Aontais a chaomhnú

Ó bheart go briathar

Leis an dlí aeráide Eorpach, rud a ghlac an tAontas in 2021, socraíodh spriocanna aeráide 2030 agus 2050 araon sa reachtaíocht.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gníomhú chun astaíochtaí a laghdú leis an aeráidneodracht a bhaint amach.

Agus dlíthe ‘Oiriúnach do 55’ i bhfeidhm, rinne an tAontas bearta a bhfuil gá leo chun astaíochtaí an Aontais a laghdú 55 %, ar a laghad, faoi 2030 agus dul i dtreo geilleagar agus sochaí atá níos neamhdhíobhálaí don aeráid. Ar na bearta sin, tá:

  • borradh a chur faoi fuinneamh in-athnuaite
  • éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú
  • athchóiriú agus leathnú a dhéanamh ar trádáil astaíochtaí
  • méadú a dhéanamh ar bhaint dé-ocsaíde carbóin
  • an t-iompar a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol
  • tacú le daoine aistriú go geilleagar níos glaise

Tá an tAontas ag laghdú a astaíochtaí gás ceaptha teasa cheana féin. In 2021, bhí astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais 28.5 % níos ísle ná leibhéil 1990.