- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 5 Deireadh Fómhair 2021 10:35
Cánachas: Anguilla, Doiminice agus na Séiséil bainte de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach
I gconclúidí a formheasadh, chinn an Chomhairle Anguilla, Doiminice agus na Séiséil a bhaint de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach. Cuireadh na trí thír sin ar an liosta roimhe seo toisc nár chomhlíon siad critéir an Aontais i ndáil le trédhearcacht cánach, is é sin gur rangaíodh ‘mórchomhlíontach’ iad ag Fóram Domhanda na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le malartú faisnéise arna iarraidh sin. Bhí sé cinnte cheana féin ag an bhfóram athbhreithniú forlíontach a dheonú do na dlínsí siúd san ábhar sin sular díliostaíodh iad.
Tá naoi ndlínse anois ar liosta na ndlínsí neamh-chomhoibríocha (Iarscríbhinn I): Samó Mheiriceá, Fidsí, Guam, Palau, Panama, Samó, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe agus Vanuatú.
Ar feitheamh an toraidh ar an athbhreithniú forlíontach, tá Anguilla, Doiminice agus na Séiséil san áireamh anois sa doiciméad maidir le staid na himeartha (Iarscríbhinn II), ina gcumhdaítear dlínsí nach gcomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta chánach uile go fóill ach a bhfuil gealltanais tugtha acu prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme.
Cuireadh Cósta Ríce, Hong Cong, an Mhalaeisia, an Mhacadóin Thuaidh, Catar agus Uragua san áireamh sa doiciméad sin freisin ach tá na hathchóirithe cánach uile is gá curtha chun feidhme ag an Astráil, Eswatini agus Oileáin Mhaildíve agus iad bainte, dá bhrí sin, as an doiciméad.
Mar thoradh ar an athbhreithniú, tá an Tuirc luaite ar an liosta in Iarscríbhinn II go fóill. Sna conclúidí uaithi i mí Feabhra 2021, d’iarr an Chomhairle ar an Tuirc gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh sí malartú uathoibríoch faisnéise leis na Ballstáit uile. Bíodh is go bhfuil dul chun cinn déanta ó shin, is gá tuilleadh fós a dhéanamh.
Cúlra
Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar a liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha agus ar dhoiciméad staid na himeartha a ghabhann leis dhá uair sa bhliain. Cuireadh an cleachtas sin ar bun in 2017 chun an dea-rialachas domhanda i réimse an chánachais a chur chun cinn agus chun na Ballstáit a chur ar an eolas faoi cé na dlínsí neamh-AE a bhaineann mí-úsáid as an gcóras cánach. Ansin is féidir leo leas a bhaint as bearta cosanta chun a n-ioncam cánach a chosaint agus chun calaois chánach, imghabháil cánach agus mí-úsáid cánach a chomhrac.
Tá na critéir maidir le liostú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chánach agus tá béim ar leith acu ar thrédhearcacht cánach, cánachas cóir agus cosc a chur ar chreimeadh an bhoinn cánach agus aistriú brabúis.. Bíonn an Chomhairle i dteagmháil leis na tíortha sin nach gcomhlíonann na critéir sin, déanann sí faireachán ar a ndul chun cinn agus déanann sí athbhreithniú agus nuashonrú rialta ar an liosta sin.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Ráiteas faoi na Conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
- Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha (eolas cúlra)
Teagmhálaithe preasa
-
Lidija Tisma Preasoifigeach
- +32 2 281 79 14
- +32 476 77 01 96
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024