Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 5 Deireadh Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

An téarnamh eacnamaíoch

Phléigh na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus ghlac siad cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheasfar an plean téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta do Mhálta. Ó tharla 54% de leithdháileadh iomlán an phlean dírithe ar chuspóirí aeráide agus 26% ar bhearta lena dtacaítear leis an digitiú, cuirtear béim láidir ar anaistriú glas agus ar an aistriú digiteach.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi staid na himeartha maidir le SURE, ionstraim Eorpach lena dtugtar tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála, a seoladh mar chuid de fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19. Go dtí seo, tá beagnach €90 billiún de thacaíocht curtha ar fáil ag an Aontas do 19 mBallstát chun cuidiú leo poist agus ioncam oibrithe a chosaint. Meastar go bhfuil tacaíocht tugtha ag SURE do thuairim is 31 milliún duine agus 2½ milliún gnólacht in 2020.

Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Tá ag éirí go maith le téarnamh eacnamaíoch na hEorpa. Thugamar faoina dúshláin a tugadh dár ngeilleagar mar thoradh ar an paindéim go pras diongbháilte. Tá 19 bplean téarnaimh agus athléimneachta formheasta againn anois agus tá an réamh-mhaoiniú a d'iarr na Ballstáit sin faighte ag beagnach gach ceann díobh. D'éirigh go maith le SURE, ionstraim eile de chuid an Aontais, poist agus slite beatha ár saoránach a chosaint i rith na paindéime. Caithfimid an móiminteam a choimeád ag imeacht agus a chinntiú go gcoinníonn an téarnamh ag dul i neart.
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine
Andrej Šircelj, Aire Airgeadais na Slóivéine

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na ceachtanna a foghlaimíodh ón Seimeastar Eorpach 2021 chomh maith, agus faoi bhealach chun cinn a d’fhéadfaí a thógáil i gcomhthéacs na bpleananna téarnaimh náisiúnta. Is ar na féidearthachtaí maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a ailíniú leis an gcéad timthriall eile den Seimeastar Eorpach a díríodh an plé.

Na hullmhúcháin le haghaidh cruinnithe idirnáisiúnta

Lean na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais den ullmhúchán do chruinniú airí airgeadais agus gobharnóirí banc ceannais G20, atá le bheith ar siúl an 13-14 Deireadh Fómhair 2021, agus do chruinniú bliantúil CAI. Sa chomhthéacs sin, d’fhormheas siad téarmaí tagartha an Aontais don G20 chomh maith leis an ráiteas don Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais.

Ina theannta sin, d’fhormheas na hairí na conclúidí maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide roimh an 26ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) i nGlaschú. Leagtar béim sna conclúidí ar an tacaíocht láidir leanúnach ón Aontas agus a Bhallstáit chun spriocanna Chomhaontú Pháras a chur feidhme. Cuireann siad chun suntais freisin, a ngealltanas a ranníocaíocht do mhaoiniú idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú, chomh maith leis an ngá atá le feabhas a chur ar shlógadh an mhaoinithe phríobháidigh sna hiarrachtaí sin.

Reachtaíocht seirbhísí airgeadais

Iarradh ar na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an athbhreithniú ar rialacha stuamachta i gcomhair cuideachtaí árachais agus athárachais, laistigh de chreat Sócmhainneacht II. Roimh an díospóireacht, chuir an Coimisiún a thograí nua le haghaidh an athbhreithnithe ar Sócmhainneacht II i láthair.

Faoi aon ghnó eile, thug Uachtaránacht na Slóivéine an t-eolas is deireanaí faoi na tograí reachtacha reatha maidir le seirbhísí airgeadais agus chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme na reachtaíochta seirbhísí airgeadais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025